Dáil debates

Tuesday, 6 March 2018

Order of Business

 

3:15 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é gnó na Máirt na Uimh. 8, tairiscint maidir leis an 18ú Tuarascáil ón gCoiste Roghnóireachta; Uimh. 29, an Bille Sláinte Poiblí (Alcól), 2015 [Seanad] - an Dara Céim (atógáil); agus Uimh. 30, ráitis maidir leis an nGaeilge. Is é Gnó Comhaltaí Príobháideacha Uimh. 180, tairiscint maidir le tithíocht phoiblí ar cíos costais, arna roghnú ag Grúpa na nDaonlathaithe Sóisialta agus an Chomhaontais Ghlais; agus Uimh. 52, an Bille um Chosaint Tomhaltóirí (Gnólachta Seirbhísithe Creidmheasa a Rialáil) (Leasú), 2018 - Dara Céim.

Is é gnó na Céadaoin ná Uimh. 29, an Bille Sláinte Poiblí (Alcól), 2015 [Seanad] - an Dara Céim, atógáil, mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin; Uimh. 31, ráitis maidir leis an Tríú Tuarascáil Eatramhach ón gCoimisiún Imscrúdúcháin um Árais Máithreacha agus Naíonán (atógáil); Uimh. 29, an Bille Sláinte Poiblí (Alcól), 2015 [Seanad] - an Dara Céim, atógáil, mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin; Uimh. 30, ráitis maidir leis an nGaeilge, atógáil, mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin; Uimh. 31, ráitis maidir leis an Tríú Tuarascáil Eatramhach ón gCoimisiún Imscrúdúcháin i dtaobh Árais Máithreacha agus Naíonán (atógáil); Uimh. 9, tairiscint maidir le Éire do dhaingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas; agus Uimh. 32, ráitis maidir le Tuaisceart Éireann. Is é Gnó Comhaltaí Príobháideacha Uimh. 181, tairiscint maidir le cearta bainte feamainne a chaomhnú, arna roghnú ag Neamhspleáigh ar son an Athraithe.

Is é gnó na Déardaoin Uimh. a5, an Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018 - an tOrdú don Dara Céim agus an Dara Céim.

I dtaobh chraoladh na socruithe atá beartaithe do ghnó na seachtaine seo, tagraím don dara tuarascáil athbhreithnithe ón gCoiste Gnó dar dáta an 5 Márta 2018. Maidir le gnó na Máirt, beartaítear:

(1)Go dtógfar an tairiscint maidir leis an 18ú Tuarascáil ón gCoiste Roghnóireachta gan díospóireacht agus go ndéanfar aon vótáil a éileofar ar an gcéanna a thógáil láithreach;

(2)Nach mbeidh aon cheisteanna ó bhéal ann faoi Bhuan-Ordú 38(1)(b) an tseachtain seo, nach dtógfar ceisteanna i scríbhinn Dé Céadaoin agus go dtógfar saincheisteanna tráthúla tar éis na gceisteanna chun an Taoisigh faoi Bhuan-Ordú 39(1)(a);

(3) Nach faide ná deich nóiméad gach ráiteas maidir leis an nGaeilge ó Aire nó Aire Stáit agus ó phríomhurlabhraithe páirtithe agus grúpaí, nó ó Chomhalta arna ainmniú nó arna hainmniú ina n-ionad; agus

(4) Go dtógfar Gnó Comhaltaí Príobháideacha ó ghrúpa na nDaonlathaithe Sóisialta agus an Chomhaontais Ghlais ar 6 p.m. ar feadh dhá uair an chloig agus go ndéanfar an Gnó Comhaltaí Príobháideacha ó Pháirtí Fhianna Fáil, a raibh sé beartaithe é a thógáil Dé Céadaoin seo caite, 28 Feabhra 2018, a thógáil tráth nach déanaí ná 8 p.m. ar feadh dhá uair an chloig agus go rachaidh an Dáil ar athló ar an gcéanna a chríochnú.

Maidir le gnó na Céadaoine, beartaítear:

(1) Má tá an gnó roimh meán lae críochnaithe roimh an am sin, go mbeidh an Dáil ar fionraí go dtí meán lae;

(2) Go dtosóidh an tairiscint maidir le Éire do Dhaingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas ar 6.40 p.m. agus go gcríochnóidh sí laistigh de 90 nóiméad, mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin; ní dhéanfaidh ach Aire nó Aire Stáit agus príomhurlabhraithe páirtithe agus grúpaí, nó Comhalta arna ainmniú nó arna hainmniú ina n-ionad, óráidí a thabhairt, is óráidí nach faide ná deich nóiméad an ceann, agus beidh freagra deich nóiméad ann ó Aire nó Aire Stáit; agus féadfaidh na Comhaltaí go léir am a roinnt eatarthu féin; agus

(3) Go dtosóidh na ráitis maidir le Tuaisceart Éireann tráth nach déanaí ná 8.10 p.m. agus go gcríochnóidh siad laistigh de dhá uair an chloig agus cúig nóiméad, mura mbeidh siad críochnaithe roimhe sin; ní dhéanfaidh ach Aire nó Aire Stáit agus príomhurlabhraithe páirtithe agus grúpaí, nó Comhalta arna ainmniú nó arna hainmniú ina n-ionad, ráitis, is ráitis nach faide ná 15 nóiméad an ceann, agus beidh freagra cúig nóiméad ann ó Aire nó Aire Stáit; agus féadfaidh na Comhaltaí go léir am a roinnt eatarthu féin agus ní atógfar an t-ordú ina dhiaidh sin.

Maidir le gnó an Déardaoin, beartaítear go rachaidh an Dáil, ar éirí di, ar athló go dtí 2 p.m. Dé Céadaoin, an 21 Márta 2018.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.