Dáil debates
Wednesday, 28 February 2018
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Project Ireland 2040
10:40 am
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Bhain an dara ceist leis an ngealltanas don teanga agus do na dreamanna a bheidh lonnaithe sna Gaeltachtaí is láidre sa tír, cibé é sin an Ghaeltacht i nGaillimh nó i dTír Chonaill. An cloch is mó ar mo phaidrín an chéad lá a tháinig mé isteach sa phost seo ná an pleanáil teanga. Cibé Cois Farraige, Machaire Rabhartaigh, Gaoth Dobhair nó Rann na Feirste atá ag déanamh an plean fá dtaobh den obair caipitil sa cheantar, beidh an t-airgead agus an tacaíocht ar fáil.
No comments