Dáil debates
Wednesday, 28 February 2018
Other Questions
Bliain na Gaeilge
12:00 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá na sonraí ar fáil ar www.gaeilge2018.ie. Tá na sonraí go léir fá choinne an plean ag Conradh na Gaeilge. Tháinig an smaoineamh maidir le Bliain na Gaeilge ó Chonradh na Gaeilge, atá ag obair go dian agus go cóngarach leis na dreamanna uilig ar an talamh, ar nós na chomharchumainn, Údarás na Gaeltachta agus na h-eagraíochtaí deonaithe. Tá siad ar fad ag obair go dian ar cúpla smaoineamh maidir leis an bplean. Tá sonraí breise agam maidir leis na himeachtaí a bheidh ann i rith na bliana. Beidh mé sásta na sonraí sin a chur ar fáil do na Teachtaí a bhfuil suim acu iontu.
No comments