Dáil debates

Wednesday, 28 February 2018

Other Questions

Bliain na Gaeilge

12:00 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

D'fhógair mé ar 13 Nollaig 2017 go raibh Bliain Na Gaeilge 2018 faofa ag an Rialtas. Ag tógáil ar rath An Teanga Bheo, a bhí mar shraith faoi Éire 2016: Clár Comórtha, agus i bhfianaise go mbeidh Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 125 bliain d'athbheochan na Gaeilge in 2018, feictear gur togra tráthúil í Bliain na Gaeilge 2018 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Ag obair sa Roinn le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Madigan, tá an maoiniú a thugtar do na húdaráis áitiúla méadaithe faoi dhó againn trí chlár Éire Ildánach chun cuidiú leis na húdaráis cláracha cultúrtha agus cruthaíochta a fhorbairt go háitiúil.

Sa chomhthéacs seo, d'iarr an Roinn ar na comhordaitheoirí áitiúla imeachtaí a eagrú a bhainfeadh le Bliain na Gaeilge. Chuir foireann Bhliain na Gaeilge tuairimí faoin chaoi inar féidir tabhairt faoi seo ag cruinniú comhordaitheoirí san Ard-Mhúseam ar 22 Feabhra 2018. Tá a fhios agam go bhfuil pleananna á n-eagrú cheana féin dá bharr seo. Chun tacú le gníomhaíochtaí na bliana, cheadaigh Foras na Gaeilge pacáiste airgeadais de €450,000 roimh dheireadh na bliana.

Tá meitheal oibre comhdhéanta d'ionadaíocht ó mo Roinn, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, RTÉ, TG4 agus Conradh na Gaeilge bunaithe ar mhaithe leis an togra a stiúradh. Anuas ar sin, tá breis agus 50 grúpa ag comhordú féilire d'imeachtaí cruthaitheacha, ealaíne agus pobail atá á n-eagrú ar fud an domhain in 2018, le roinnt tionscadal tábhachtacha a leanfaidh ar aghaidh tar éis na bliana seo. Tá sé i gceist go mbeidh cur chuige tras-Rialtais i gceist agus an bhliain á ceiliúradh. Tá clár imeachtaí Eanáir go Meitheamh foilsithe cheana féin agus is féidir imeachtaí bhreise a chlárú i gcónaí ar www.gaeilge2018.ie.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.