Dáil debates
Wednesday, 7 February 2018
Death of former Ceann Comhairle: Expressions of Sympathy
12:10 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ar mo shon féin agus ar son Shinn Féin, déanaim comhbhrón le muintir Séamus Pattison. Fuair mise aithne air sa Dáil thar na blianta. Duine lách, macánta agus béasach ab ea é agus duine a bhí sásta, agus é sa Chathaoir, ligint den díospóireacht nuair a raibh gá leis sin. Tá an ceart acu siúd a labhair romham gur bhain sé sult as an Dáil. Thuig sé cé chomh tábhachtach is a bhí sé a bheith anseo agus cuidigh sé le daoine ó gach páirtí a bhí nua sa phost. Bhí an onóir tuillte aige nuair a ainmnigh muintir Chill Chainnigh é mar saorfhear den chathair. Bheadh sé tuillte ag aon duine tar éis an oiread sin ama a bheith caite aige nó aici i mbun seirbhís don phobal, agus sin go díreach a thug Séamus faoi.
Dar ndóigh, bhí tréimhse fada aige. Luaigh daoine eile cé chomh fada is a bhí sé sa Dáil agus ar chomhairle nó ar bhardas Chill Chainnigh. Ní dhéanfaidh mé athrá air sin. Ba chara linn ar fad sa Teach seo é agus ní namhaid. Ní raibh raic riamh idir mise agus é ach ba mhinic a bhí sé ina mholtóir ar an raic a bhí idir mise agus daoine eile ar an taobh eile den Teach. Is cuimhin liom go háirithe ceann amháin de na heachtraí sin. Bhí mé agus an t-iarAire, an tUasal Martin Cullen, ag screadaíl i gcoinne a chéile. Bhí Séamus sa Chathaoir agus an t-aon rud a dúirt sé ná, "Now, Deputies." Ba leor sin chun ciúnas a chur orainn nó ar a laghad go bhfeicfiimis ar an méid a bhí ar siúl againn agus go ndíreoimis ar an díospóireacht seachas a bheith ag tarraingt as a chéile. Tá súil agam go mbeidh cuimhní maithe againne ar fad a bhí aithne againn air agus ag a mhuintir. Guím suaimhneas síoraí air. Tá cara caillte ag an Dáil.
No comments