Dáil debates

Tuesday, 6 February 2018

3:20 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

De réir an Phríomhchigire na Roinne Oideachais agus Scileanna, tá an caighdeán sa Ghaeilge ag laghdú bliain i ndiaidh bliana, go háirithe ó 2013 amach. Níl dul chun cinn sásúil le feiscint sa Ghaeilge sna bunscoileanna ar fud na tíre. Bhí 26% de na ceachtanna a dhearnadh iniúchadh orthu gan chruinneas agus míshasúil de réir an Phríomhchigire. Gealladh sa chlár Rialtais go gcuirfidh an Rialtas an straitéis 20 bliain i bhfeidhm, go méadóidh líon na gcainteoirí Gaeilge dá bharr agus go mbeidh an Ghaeilge níos sofheicthe i gcúrsaí litríochta agus ar chomarthaí ar fud tuaithe agus sna bailte go léir ar fud na tíre. Bhí díomá ar an-chuid daoine nuair a léigh siad an méid a bhí le rá ag an bPríomhchigire. Cá seasann na gealltanais sa chlár Rialtais anois i leith an mhéid a dúirt an Príomhchigire sa tuarascáil maidir leis an Ghaeilge agus a múineadh sna scoileanna?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.