Dáil debates

Thursday, 1 February 2018

Island Fisheries (Heritage Licence) Bill 2017: Second Stage [Private Members]

 

3:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle. Bhí an-díomá orm faoi dhearcadh na Roinne tráthnóna. Bhí trua agam don Aire Stáit a tháinig isteach anseo tráthnóna agus óráid réitithe ag a Roinn dó. Tá a fhios agam gur chaith sé na míonna ag réiteach na tuarascála seo linn istigh sa gcoiste. Mar a dúirt sé féin ag an dtús ní raibh mórán tuisceana aige ar na pobail chois chósta agus na pobail oileánda. Ag deireadh an próisis bhí sé chomh heolach le duine ar bith eile ar an gcoiste agus bhí sé thar a bheith tacúil.

Is cuimhin liom an lá a ndeachaigh muid amach go hInis Oírr ag seoladh na tuarascála seo. Go deimhin, chuaigh muid amach ar an eitleán an mhaidin sin agus bhí orainn teacht ar ais ar an mbád de bharr go raibh athrú aimsire ann. Ba é ceann de na bunchlocha sa tuarascáil seo ná go mbeadh deis ag na pobail cois cósta leas a bhaint as an bhfarraige timpeall orthu agus iad ag dul ag iascaireacht, ní le haghaidh gliomaigh agus portáin amháin ach le haghaidh chuile chineál éisc atá san fharraige timpeall na háiteanna seo.

Bíonn an-spéis agam i gcónaí i leagan amach na hóráidí a thagann ó na Ranna Stáit. Bíonn óráidí ann a bhíonn ag iarraidh smaoineamh ar na fadhbanna ar fad seachas ar réiteach na bhfadhbanna. Bíonn óráidí eile ann a nochtaíonn dearcadh difriúil - deirtear go bhfuil an fhadhb seo ann agus an fhadhb siúd ann, ach d'fhéadfaí iad a réiteach. Níl aon amhras anseo tráthnóna ach go bhfuil dhá mhórlocht ar an óráid a réitíodh don Aire Stáit anseo inniu. Ar an gcéad dul síos, déanann sé tagairt d'airgead atá á chaitheamh ar chuile shórt seachas ar iascaireacht. Níl aon mhaith bheith ag tairiscint rudaí eile dóibh siúd atá ina gcónaí ar na hoileáin agus an fharraige timpeall orthu agus traidisiún ag a mhuintir bheith ag iascaireacht. Tá siad ag iarraidh dul ag iascaireacht.

Ní thiocfainn leis an mhéid a bhí le rá ag an Teachta Wallace maidir leis an mhéid atá á dhéanamh do na hoileáin. Nuair a bhí mise mar Aire, caitheadh €100 milliún ar infreastruchtúr na n-oileán. Tá a fhios agam nár caitheadh mórán ó shin. Níl aon togra os cionn €1 milliún ceadaithe ó shin. Míneoidh mé an fáth go bhfuil sé tábhachtach a lua gur caitheadh €100 milliún ag an am sin. Tógfaidh mé oileán amháin, Inis Meáin, mar shampla. Go dtí gur tógadh Céibh an Chalaidh Mhóir, ní raibh aon chéibh ar Inis Meáin a d'fhéadtaí bád a fhágáil ann thar oíche. Dá bharr sin, go traidisiúnta ní raibh an cuóta acu agus, mar sin, ní raibh na báid acu. Ní fhéadfadh a bheith. Fiú ar Inis Oírr, cuid mhaith den am níl sé sábháilte bád a fhágáil ceangailte ann. Fós bíonn ar mhuintir an oileáin an bád farantóireachta a thógáil anonn go hInis Meáin le go mbeidh sé sábháilte san oíche, agus mar sin a bheidh sé go dtí go dtógfar síneadh leis an gcéibh. Ní raibh an chaoi inar rinneadh an cuóta riamh féaráilte ar na hoileáin.

Ba mhaith liom Árainn Mhór a lua mar shampla eile. Nuair a bhí mise mar Aire, bhí pleananna á réiteach agus bhíodar beagnach réidh le cur le Céibh an Rannaigh, an chéibh is mó iascaireachta ar an oileán. Bhí a leithéid de shíneadh ag teastáil go géar. I gcás na n-oileán, caithfear cuimhneamh gur baineadh an cead dul ag iascaireacht le haghaidh bradáin ach níor cuireadh tada ina áit. Nuair a baineadh an cead sin ó oileáin amach ón gcósta ar nós Inis Oírr, Inis Meáin agus Árainn Mhór, baineadh go leor dóibh. Ceann de na rudaí atá tarlaithe dá bharr ná go bhfuil an iomarca brú ag teacht ar na portáin agus ar na gliomaigh.

Glacaim leis nach féidir an Bille seo a chur tríd na Dála mar atá sé. Tuigeann an tAire Stáit an córas atá againn anseo. Tá mé cinnte go mbeidh mórlach sa Dáil taobh thiar den Bhille seo. Tá Fianna Fáil ag tacú leis an mBille. Dúirt mé é sin le Sinn Féin ón gcéad lá. Tá iontas orm nach bhfuil an Rialtas ag tacú leis, ó tharla gur tuarascáil traspháirtí a bhí anseo. Ar ndóigh, dá gceadófaí an reachtaíocht seo ar an Dara Céim inniu, faoi na rialacha atá sa Dáil anois tar éis an athchóirithe iomláin atá déanta sa Teach seo, rachadh an Bhille go dtí an coiste le haghaidh scrúdú réamhreachtaíochta. Tabharfadh sé sin deis dúinn breathnú ar na laigí teicniúla agus leasuithe a aontú. Tá sé an-deacair ag lucht an Fhreasúra reachtaíocht iomlán fhoirfe a chur le chéile. Más gá, d'fhéadfadh an Rialtas cúnamh a thabhairt dúinn le Bille níos fearr a chur le chéile, rud a chiallódh go mbeadh an t-eolas teicniúil againn an chéad uair eile a dhéanfaimis é seo le bealaí a fháil an iliomad fadhbanna atá anseo a shárú.

Ní ghlacaim le cúpla rud anseo. Tá sé an-éasca sainmhíniú a dhéanamh ar na hoileánaigh a bhfuil buanchónaí ar na hoileáin orthu. Tá a fhios againn cé hiad féin. Nach aisteach go bhfuil na báid fharantóireachta agus an tseirbhís aeir go hÁrainn in ann oibriú amach céard is oileánach ann? Is fiú a rá freisin go bhfuil clár na dtoghthóirí ar fáil. Mar sin, tá sé thar a bheith éasca sainmhíniú a dhéanamh ar céard is oileánach ann, agus ar céard iad na hoileáin atá i gceist. D'fhéadfaí iad a ainmniú sa Bhille. Mar a deirim, tá go leor fadhbanna curtha romhainn anseo gur féidir iad a réiteach. Shílfeadh éinne a bheadh ag léamh an aithisc seo gur bheartaigh na hoifigigh go raibh siad in aghaidh na reachtaíochta seo agus gur aimsigh siad na bealaí inar bhféadfadh siad cur ina aghaidh seachas a rá go raibh siad ina bhfábhar agus go mba cheart dóibh na bealaí go bhféadfadh siad é a fheabhsú a fháil chun é a chur i bhfeidhm.

Tá ceist ollmhór amháin curtha ag daoine áirithe. Cárbh as a dtiocfaidh na cuótaí agus na rudaí sin ar fad? Nílimid ag caint ar bháid mhóra. Táimid ag caint ar bháid bheaga de 10 m. Bheadh an méid cuóta a theastódh na hoileánaigh le haghaidh na báid bheaga sin ar fáil dá mbainfí de na báid ollmhóra iad. Ní aireoidís uathu é. Dá n-aireodh, bíodh sé mar atá sé. Tá sé in am athroinnt a dhéanamh ar shaibhreas na tíre seo. Mar sin, nuair a bheadh an cuóta á roinnt arís, cuirfear an méid seo ar leataobh do na daoine beaga. Mar a dúirt mé ag an tús, caithfidh go bhfuil sé aisteach do na hoileánaigh, agus iad ag breathnú amach ar an bhfarraige chuile lá, go bhfuil cosc iomlán orthu dul ag iascaireacht na farraige timpeall na hoileáin le haghaidh iliomad cineál éisc, agus gan an t-airgead a bheith acu le dul agus ceadúnais agus cuótaí a cheannach ar an margadh oscailte ar phraghas an mhargaidh.

Iarraim ar an Aire Stáit dul ar ais go dtí an tAire sinsearach agus a rá leis go bhfuil dearmad mór déanta aige anseo inniu agus é ag cur in éadan an Bhille seo. B'fhearr i bhfad don Aire Stáit cur leis an obair iontach a rinne sé mar Chathaoirleach ar an gcoiste a réitigh an tuarascáil seo. Iarraim air an Dara Céim den Bhille seo a cheadú agus ligean dó dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sa phróiseas, an plé réamhreachtaíochta istigh sa choiste, ionas go dtiocfaidh muid ar bhealach caoi ceart lena gcearta bunúsacha a thabhairt do phobail na n-oileáin. Is gearr go mbeidh éirí amach i measc daoine nach bhfuil in ann teacht ar a gcuid acmhainní féin. Tá sé feicthe ar na cnoic againn agus feicfimid ar an bhfarraige é. An mbeidh an tAire Stáit ar son na ndaoine, mar a bhí sé roimhe seo, nó an bhfuil sé i gceist aige dul in éadan an phobail? D'oibrigh sé chomh dian go pearsanta ar son an phobail sin roimhe seo. Tuigim nach dtitfidh sé ar an Aire Stáit an cinneadh seo a dhéanamh. Iarraim air dul ar ais chuig an Aire sinsearach agus a rá leis nár cheart dearmad a dhéanamh ar an gceist seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.