Dáil debates

Thursday, 1 February 2018

11:50 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An bhfuil an tAire ag féachaint ar an liúntas seo a bhí ar fáil i gcomhar múinteoirí Gaeltachta agus múinteoirí a bhí ag múineadh trí Ghaolainn? Ba chóir go mbeadh, mar chuirfeadh sé go mór le cúrsaí más féidir é a chur ar fáil arís chun daoine a mhealladh isteach. Faoi láthair, tá daoine ag fágáil na tíre agus ag múineadh in áiteanna eile thar lear toisc gur féidir leo breis airgid a dhéanamh. Seo uirlis amháin atá ar fáil. Chabhródh an continuing professional development, CPD, ach tá a fhios againn go bhfuil an brú seo ann le fada. Caithfidh iarracht phráinneach a bheith déanta chun múinteoirí a choimeád i gcomhar na hábhair éagsúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.