Dáil debates

Thursday, 1 February 2018

11:50 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá an-bhrú ar na scoileanna Gaeltachta agus, gan dabht, ar Ghaelscoileanna timpeall na tíre chun teacht ar mhúinteoirí sna hábhair éagsúla. Go rialta bíonn orthu post a fhógairt trí huaire sula bhfaigheann siad aon iarrthóir. Tuigim go bhfuil an cúrsa sin á ullmhú ag an Aire, ach caithfidh sé a aithint go bhfuil an t-éileamh ann le fada agud go bhfuil an gá ann anois chun na múinteoirí sin a bheith ar fáil dóibh. Luaigh an tAire an cúrsa nua atá á thabhairt chun cinn aige ach tá slua mór daltaí thart ar rang a trí sna bunscoileanna a bheidh istigh sa mheánscoil sula mbeidh na múinteoirí sin ar fáil. Tá gá ann cheana féin. An bhfuil an tAire tar éis féachaint ar an liúntas a bhí ann i gcomhar na múinteoirí a bhí ag múineadh sa Ghaeltacht nó ag múineadh trí Ghaolainn? Caithfidh sé féachaint ar shlí éigin chun na múinteoirí atá ann a mhealladh isteach sna scoileanna seo. Faoi láthair tá go leor múinteoirí ag fágáil na tíre agus ag dul go Dubai agus áiteanna eile. Caithfidh an tAire féachaint ar an liúntas sin agus dul chun cinn a dhéanamh leis. An bhfuil aon rud déanta maidir leis sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.