Dáil debates

Wednesday, 24 January 2018

Shortage of Teachers: Motion [Private Members]

 

2:20 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim chun díriú ar an ngéarchéim mar a bhraitear é sna Gaelscoileanna agus sna scoileanna Gaeltachta. Tá sé soiléir go bhfuil géarchéim ann agus is é na daltaí atá thíos leis nuair nach bhfuil na múinteoirí ar fáil. Ní bheidh ach an t-aon deis amháin acu i gcomhair bunscolaíochta agus meánscolaíochta agus tá sé ag sleamhnú uathu toisc an géarchéim. Go rialta, bíonn ar scoileanna post a fhógairt thart ar trí huaire sara bhfaigheann siad aon iarrthóir cáilithe nó b'fhéidir sara bhfaigheann siad aon iarrthóir in aon chor. Ní rud eisceachtúil é seo agus is thar na hábhair éagsúla atá sé. Tá an deacracht agus an géarchéim sin ann le tamall. Tá sé curtha in iúl don Roinn agus do na húdaráis éagsúla ach is amhlaidh gur in olcas atá rudaí ag dul.

Tá laghdú ar an líon daoine atá ag tabhairt faoi na cúrsaí. Tuigim go bhfuil sé laghdaithe thart ar 60% sna hollscoileanna idir 2011 agus 2017. Ag an am céanna, tá líon na ndaltaí ag fás. Mar shampla, tá a fhios againn go bhfuil dream mór sa tríú rang anois agus go mbeidh an dream seo sna meánscoileanna sara bhfad.

Tá daoine ag dul thar lear chun breis airgid a thuilleamh. Bhí liúntas ann do mhúinteoirí a bhí ag múineadh trí Ghaolainn agus sa Ghaeltacht. Caithfear a leithéid a thabhairt ar ais arís i dtreo is go mbeimid ábalta daoine a mhealladh chuig na scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.