Dáil debates

Wednesday, 24 January 2018

Questions on Promised Legislation

 

12:35 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá cur síos iontach ar thábhacht na Gaeilge ar leathanach 146 de chlár oibre an Rialtas. Tá sé ráite sa cháipéis sin go bhfuil an Rialtas 100% taobh thiar de chur chun cinn na Gaeilge ar chuile leibhéal. An bhfuil an tAire Stáit ar an eolas faoin gcinneadh atá déanta ag RTÉ Nuacht RTÉ a bhogadh ó cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann ar ais go Dhomhnach Broc? Tháinig an cinneadh seo aniar aduaidh orm. Iarraim ar an Aire Stáit labhairt faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an gcinneadh sin go háirithe ó thaobh costais de, ach freisin agus níos tabhachtaí ó thaobh an íosghrádú atá i gceist ó thaobh na Gaeilge de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.