Dáil debates
Tuesday, 23 January 2018
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Other Questions
Caiteachas Ranna
5:15 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Is dócha gur ormsa atá sé, ach bíonn sé deacair scaití an méid ata á rá ag an Aire Stáit a thuiscint. An féidir leis dhá fhigiúr a thabhairt dom? Cé mhéad a bhí i gcaipiteal agus i Meastacháin na bliana 2016? Cé mhéad atá i gcaipiteal agus i bhfigiúirí reatha na bliana 2018? Iarraim ar an Aire Stáit an dá cheist shimplí sin a fhreagairt gan aon dul timpeall air. Céard a bhí i gcaiteachas reatha caipitiúil na bliana 2016? Céard atá i gcaiteachas reatha caipitiúil na bliana 2018? Is cuma céard le haghaidh a bhí sé.
No comments