Dáil debates

Tuesday, 23 January 2018

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Other Questions

Caiteachas Ranna

5:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ceist fíorshimplí go deo agam an t-am seo. Le hais an méid airgid a cuireadh ar fáil don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hoileáin sa bhliain 2016, cé mhéad airgid breise atá ar fáil anois i Meastacháin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta don bhliain 2018 i gcomhlíonadh na ngealltanais a thug an Rialtas i gclár an Rialtais agus sa chomhaontú a rinneadh le Fianna Fáil roimh a bunaíodh an Rialtas?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.