Dáil debates

Tuesday, 23 January 2018

Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

4:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Okay. Cén fáth go bhfuil sé déanach? Chualamar an bhliain seo caite go mbeadh sé déanta roimh deireadh na bliana. An bhfuil an foireann chuí ann agus ag obair ar an bplean sin? Cé mhéad duine atá ag obair ar an bplean? Cén fáth go bhfuilimid ag sleamhnú arís agus arís eile mar gheall ar na príomhuirlisí atá againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo? An bhfuil tuarascáil faighte ag an Aire Stáit faoin bplean gnímh? An bhfuil aon cheann de na gnímh gur cheart dúinn a dhéanamh feicthe ag an Aire Stáit go fóill?

Dúradh linn freisin go bhfoilseofaí Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i rith an tréimhse Dála a bhí ann ó 2011 go 2016. Gheall an t-iarThaoiseach, an Teachta Enda Kenny, go mbeadh sé déanta roimh an toghchán in 2016. Táimid Dáil amháin déanach anois maidir leis an mBille seo. An féidir leis an Aire Stáit dáta sonrach a thabhairt dúinn maidir leis an ngealltanas atá curtha os comhair na Dála anois?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.