Dáil debates

Wednesday, 17 January 2018

Section 39 Agency Staff Reimbursements: Motion [Private Members]

 

2:40 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh spiorad an rúin seo atá os ár gcomhair inniu. Ba é seo ceann amháin de na gnéithe is measa a bhí ag baint leis na bearta déine a bhí curtha i bhfeidhm ag an troika Éireannach - Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre agus Fine Gael - mar cuireadh oibrí amháin in éadan oibrí eile agus an earnáil phríobháideach in aghaidh na hearnála poiblí.

Tá achan cuma ar an scéal go bhfuil sé doiligh sean-nós a bhriseadh agus an Rialtas fós ag iarraidh deighilt mhór a chruthú idir oibrithe. Is le ceisteanna comhionannais a bhaineann sé seo go príomha. Ní raibh aon dul as ag na hoibrithe nuair a bhí na ciorruithe á ndéanamh ag an Rialtas. Anois, cé go bhfuil fás ag teacht ar an gheilleagar, níl comhionannas san áireamh. Throid oibrithe in eagraíochtaí alt 39 cath crua ionas go n-aithneofaí iad mar sheirbhísigh poiblí agus aithníodh iad mar sheirbhísigh poiblí nuair a bhí na ciorruithe ag teacht. Ach anois tá an stádas sin bainte díobh agus athchóiriú i gceist. Tá na hoibrithe á roinnt ag na daoine i gcumhacht.

Tá cúpla rud faoin rún seo nach bhfuil mé go hiomlán sásta leo. Tá easpa béime á chur ar ceisteanna rialachais agus cuntasacha. Ba chóir dúinn ár n-aird a dhíríú ar dhínit na n-oibrithe ar an líne thosaigh a thabhairt ar ais. Ní dtig linn luach a chur ar na seirbhísí atá á soláthar acu lá i ndiaidh lae. Tá comhartha cheist fós ann ó thaobh conas a chaitear an maoiniú atá tugtha do heagraíochtaí alt 39. Thabharfadh rún níos fearr freagair ar an cheist seo.

Thug mé sracfhéachaint do forógra toghchánaíochta Fhianna Fáil le haghaidh an gealltanas seo a haimsiú, ach caithfidh mé a rá nach raibh mé ábalta e a fheiceáil. D’admhaigh siad nach bhfuil a fhios acu cé mhéad a chosnóidh sé seo, ach geallann siad é a chur i bhfeidhm ar scor ar bith. Ba cheart d'achan duine, páirtí agus Teachta Dála sa Teach seo a rá gurb é inniu an lá a gcuirfimis plean i bhfeidhm chun cothrom na Féinne a thabhairt do hoibrithe in eagraíochtaí alt 39, ní hamháin rún gan bhrí le haghaidh na cinnlínte a bhaint amach.

Tugaim mo chuid tacaíochta don rún seo. Tacaíonn mo pháirtí leis an cheart atá ag achan oibrí le pá cothrom is oiriúnach a thuilleamh. Níl dabht ar bith go bhfuil lorg na déine fós le feiceáil, cé go bhfuil fonn orainn é seo a shéanadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.