Dáil debates
Tuesday, 16 January 2018
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions
Road Projects Status
7:35 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá soiléiriú á lorg agam maidir le hiarratas atá, de réir mar a thuigim, curtha chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le hacmhainní cuí a fháil le caoi níos fearr a chur ar Bhóthar Dhoirefhearta. Ar a laghad, ba cheart go mbeadh an tAire in ann a rá liom an bhfuil an iarratas sin faighte ag an Roinn. Má tá, cén uair a dhéanfar cinneadh maidir leis an obair phráinneach seo?
No comments