Dáil debates

Thursday, 14 December 2017

Recognition of Irish Sign Language for the Deaf Community Bill 2016 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

 

5:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim m'aitheantas chuig an Bhille um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann do na Bodhair a Aithint 2016. Gabhaim m'aitheantas agus mo chomhghairdeas leis an Seanadóir Mark Daly agus le mo chomhghleacaí, an Teachta Neamhspleách, Finian McGrath, faoi choinne a gcomhoibriú. Níl muidne ag troid sa Teach seo achan lá. Is lá stairiúil é seo. Aontaím le tuairim an Cheann Comhairle. Gabhaim aitheantas do na daoine atá ag obair ar an aistriúcháin inniu. Cuirim fáilte roimh na daoine uilig. Mar fhocal pearsanta, trí bhliain ó shin ní raibh mé ábalta labhairt leo siúd a bhí ag labhairt Gaeilge i mo pharóiste féin. Ní raibh mé ábalta. Tuigim cé chomh tábhachtach atá sé daoine a bheith ábalta labhairt tríd a dteanga féin. Tá sé thar a bheith tábhachtach. Arís, is lá stairiúil é. Gabhaim mo chomhghairdeas agus mo bhuíochas le achan duine as a bheith ag obair le chéile ar son na daoine sa Ghailearaí Phoiblí, taobh amuigh agus timpeall na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.