Dáil debates
Wednesday, 13 December 2017
European Council Meeting: Statements
2:20 pm
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail) | Oireachtas source
Sula glaoim ar an Teachta Adams, b'fhéidir go dtabharfaidh an Teach leath-bomaite domsa. B'fhéidir nach bhfuil an ceart seo agam ach táim chun an ceart a ghlacadh ó na Comhaltaí fáilte a chur roimh cuairteoirí ó scoil i nDún na nGall atá anseo sa Ghailearaí Poiblí inniu. Is scoil ó cheartlár na Gaeltachta i nDún na nGall í - Pobalscoil Ghaoth Dhobhair. Cuirim fáilte rompu go léir. Tá súil agam go mbainfidh siad sult agus sásamh as a dturas go dtí Dáil Éireann. Má tá botún déanta agam, gabh mo leithscéal.
No comments