Dáil debates

Thursday, 30 November 2017

University College Galway (Amendment) Bill 2017: Second Stage [Private Members]

 

5:05 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

A Aire, tá sé go maith go bhfuil deis agam labhairt ar an ábhar seo. Tá mé ag iarraidh labhairt freisin maidir le scolaíocht agus an Ghaeilge ina iomláine.

Tá fadhb mhór ann mar gheall ar an nGaeilge agus oideachas sa tír seo. Ní hamháin go bhfuil mise á rá sin: aithníonn go leor daoine agus an Roinn féin an fhadhb sin. Ceapaim go bhfuil ar a laghad trian de na múinteoirí atá ag teacht amach as an gcóras gan a bheith in ann labhairt as Gaeilge ar chor ar bith. Bhíos ag caint le múinteoir amháin i scoil Ghaeltachta agus dúirt sí liom gur chuir sé iarratas amach ag iarraidh múinteoir i gcomhair post agus fuair sé 70 iarratas. As an 70, ní raibh duine amháin sásta obair a dhéanamh, nó múineadh trí Ghaeilge. Bhíos ag labhairt le múinteoir eile i scoil Ghaeltachta a dúirt go raibh 13 múinteoir sa scoil. Nuair a d’iarr mé air an méid a bhí in ann Gaeilge líofa a labhairt, dúirt sé go raibh ceathrar in ann é sin a dhéanamh. Táimid ag caint faoi scoileanna sa Ghaeltacht, agus múinteoirí nach bhfuil in ann labhairt i nGaeilge le páistí faoina gcúram atá ag iarraidh labhairt as Gaeilge leo. Is é an scoil ceann de na suímh is tábhachtaí sna Gaeltachtaí mar gheall ar an nGaeilge. Muna bhfuil an scoil ag baint úsáid as an nGaeilge, bí cinnte nach mairfidh an Ghaeilge sa todhchaí ar chor ar bith.

Bhíos ag caint le príomhoide agus dúirt sé liom go raibh múinteoir nua sa scoil aige. Dúirt an múinteoir “tar anseo” do pháiste, chuaigh an páiste chuige agus dúirt an múinteoir, “no, that means go into the corner.” Seo múinteoir atá tar éis teacht tríd an gcóras iomlán. An fhadhb atá ann ná go mbaineann na scrúduithe a dhéanann na múinteoirí sna hollscoileanna leis na hollscoileanna agus nach bhfuil baint acu leis an Stát. Is é an ollscoil an breitheamh go huile is go hiomlán maidir leis an gcaighdeán agus tá sé sin ag déanamh an-chuid damáiste don Ghaeilge sa tír.

Is fáinne fí é. Nuair a théann múinteoirí isteach sna scoileanna gan chaighdeán sár mhaith acu, titeann an caighdeán atá ag na páistí. Nuair a éiríonn na páistí níos sine agus nuair a thosaíonn siad ag déanamh staidéir agus iad ina mac léinn sna hollscoileanna, bíonn caighdeán níos lú acu agus ag an nglúin sin. Caithfidh go mbeadh an Rialtas lán sásta díriú air seo.

Baineann sé leis an bhfadhb atá againn aistritheoirí a fháil don Aontas Eorpach. Nílimid in ann na poist sin a líonadh ag an mbomaite mar níl daoine ag baint amach an caighdeán chun na poist sin a líonadh.

Mar gheall ar na Gaelscoileanna, is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil 25% de thuismitheoirí ag iarraidh a bpáistí a sheoladh chuig Gaelscoil ach níl ach 5% de na páistí ag fáil Gaelscolaíochta. Tá saghas bearna ollmhór idir an líon daoine atá ag fáil na seirbhíse agus an líon atá á éileamh. Níl aon chóras ann inar féidir le scoil athrú ó chóras amháin go córas eile. Ní féidir le scoil lán-Bhéarla athrú go scoil lán-Ghaeilge. Tá córas ann inar féidir le scoileanna Caitliceacha athrú go scoileanna il-sainchreidmheacha, ach ní féidir leo an bogadh sin a dhéanamh mar gheall ar theanga.

Tacaímid le Bille Theachta Ó Cuív atá ós comhair na Dála, cé gur sop in áit na scuaibe é. Cuireann an Bille seo ceal ar Acht a thug an Teachta Ó Cuív isteach nuair a bhí sé ina Aire le freagracht as an nGaeltacht. Ba é Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2006 a lagaigh na riachtanais oifigiúla maidir leis an nGaeilge go mór. Anois tá an Teachta ag iarraidh fáil réidh leis an reachtaíocht ar thóg sé isteach. Aontaíonn Sinn Féin le haon ghníomh a láidríonn an Ghaeilge. Molaimid an Teachta Ó Cuív as a bheith in ann admháil go raibh an tAcht ar thóg sé isteach lochtach agus as a bheith sásta é a leigheas. Ní thuigimid cén fáth gur gá Bille nua a thabhairt isteach in áit Acht 2006 a leasú arís nuair nach bhfuil ach líne amháin sa bhreis sa Bhille nua seo. Bhí an plé sin againn inniu. Ba bhreá liom a fháil amach cad is cúis leis seo.

Fuair an Bille leasaithe ar thóg an Teachta Ó Cuív isteach in 2006 réidh leis an riachtanas fostaíochta Gaeilge agus Béarla a bheith ag duine le hearcú ag an ollscoil. Bhí Sinn Féin go mór i gcoinne an Bhille seo deich mbliana ó shin ach achtaíodh é. Thuigeamar ag an staid sin an damáiste a dhéanfadh é seo don Ghaeilge. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil Gaeilge ag uachtarán Ollscoile na hÉireann, Gaillimh. Tá stádas faoi leith ag an ollscoil le fada chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá dualgais bhreise uirthi an teanga a chothú. Is rud tábhachtach é sin.

Is féidir liom mo pháiste a sheoladh chuig an nGaelscoil ag an mbunleibhéal. Anois, i gceantair éagsúla, is féidir páistí a sheoladh chuig meánscoileanna Gaeilge. Níl aon ollscoil le Gaeilge sa tír. Níl an deis ann oideachas iomlán a dhéanamh i nGaeilge. I mo thuairim, is é sin ceann de na baic is mó atá ann mar gheall ar an gcaighdeán a bhaint amach. Má táimid ag iarraidh go mbeadh státseirbhísigh in ann dul i dteagmháil le saoránaigh na tíre ina dteanga féin, ba cheart go mbeadh na státseirbhísigh tar éis dul tríd an gcóras oideachais iomlán trí Ghaeilge. Ba cheart don Rialtas díriú isteach ar ollscoil lán-Ghaeilge a chothú sa tír. Ba buille mór don Ghaeilge an cinneadh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge d'uachtarán na hollscoile sna blianta atá caite. Ní raibh cosaint reachtúil ann le chur i gcoinne a leithéid. Buíochas le Dia gur ceapadh Ciarán Ó hÓgartaigh mar uachtarán i mbliana, mar bhí baol mór ann go mbeadh duine le beagán Gaeilge sa ról. Is gá dúinn an teanga a chur chun tosaigh agus daoine a ceapadh le hardchumas teanga acu, go háirithe iad siúd a bheadh postanna sinsearacha feiceálacha acu.

Ba mhian liom mo dhíomá a léiriú inniu freisin. Guím gach rath ar an Aire nua, an Teachta Josepha Madigan. Le cúnamh Dé, beidh an t-ádh uirthi na rudaí cearta agus cuí a chur i bhfeidhm. Ach tá fadhb ann leis an gceapachán freisin. Níl an fhadhb ag Teachta Madigan. Baineann sé leis an Taoiseach féin. Ba cheart go mbeadh cáilíocht, taithí nó suim éigin ag polaiteoir sula mbeadh sé nó sí ceaptha i ról áirithe mar Aire. Má chuirtear an t-ainm "Josepha Madigan" agus an focal "Gaeilge" isteach i Google, is féidir a fheiceáil cé mhéad torthaí a bhfaightear. Ní thagann aon toradh ar ais. Is droch rud é sin. Is leathanach bán folamh atá ann. B'fhéidir go mbeidh sí go maith sa ról, níl a fhios againn go fóill. Feicfimid. An fhadhb atá ann ná nuair nach bhfuil suim, motivation nó spreagadh éigin ar duine an Ghaeilge a fhoghlaim, is léir nár ghníomhaí Gaeilge é nó í i ndairíre. Muna bhfuiltear ina gníomhaí Gaeilge, ní féidir dul i dteagmháil le muintir na Gaeltachta ina dteanga féin agus a bheith in ann na rudaí casta a phlé, agus tá go leor rudaí casta ag baint leis an ról sin. Ní féidir le duine nár ghníomhaí Gaeilge é nó í na rudaí sin a phlé ar chor ar bith. Ba cheart go mbeadh an Rialtas ag díriú isteach ar an bhfadhb seo i bhfad níos mó.

Chuala mé go raibh an tAire i gContae na Mí inniu mar gheall ar a phlean nua oideachais don Ghaeltacht. Cuirim fáilte ollmhór roimh an bplean sin agus roimh an airgead nua atá á chur ag an Aire isteach san earnáil sin. Is céim mhaith í. Táimid ag fanacht uirthi le fada, ach ceapaim gur céim chun cinn í. Is gá dom a rá gur rud ceart é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.