Dáil debates

Thursday, 26 October 2017

Topical Issue Debate

Scéim na mBóithre Áise

7:50 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas don Aire as an éisteacht chomh cúramach sin leis an méid a bhí le rá agam. Ar an gcéad dul síos tá sé ceart go leor a rá gur ceart don chomhairle contae airgead a chur ar fáil as a chuid foinsí féin. Tá fíor-áthas orm go bhfuil an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil tagtha isteach. Deirim an fhírinne nuair a deirim go ndeir Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil siad bánaithe, nach bhfuil pingin acu agus go ndearnadh éagóir orthu in 2014. Admhaím nach raibh an tAire sa Rialtas ag an am sin, ach bhí páirtí an Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil ann. Mar sin, is beag is fiú dúinn mar ionadaithe poiblí bheith ag féachaint sa treo sin.

An dara rud ná is éigeandáil é seo, is rud é a tharla gan choinne le mí anuas. Cuireadh airgead ar fáil ón Rialtas i gcóir éigeandálaí eile ar fud na tíre, mar shampla i dTír Chonaill. Céard atá chomh dona sin faoi Chonamara nach féidir cás eisceachtúil éigeandála a dhéanamh mar a rinneadh i dTír Chonaill?

Dúirt an tAire go bhfuil spéis as an nua agam san bhóthar seo. Is mé féin mar Aire a chuir an t-airgead ar fáil a chur chaoi ar an mbóthar suas go 2008-09. Ní raibh mé mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ina dhiaidh sin – bhí mé i Roinn eile. D’fhág mé cuid den obair libhse; ní fhéadfaimis gach rud a dhéanamh.

An bhfuil airgead ar fáil anois le haghaidh scéimeanna suntasacha sábháilteachta, agus an obair a dhéanamh go práinneach áit a dtarlaíonn éigeandáil ó thaobh cúrsaí aimsire agus mar sin de, mar a tharla i dTír Chonaill? Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh don Aire as ucht deimhniú ó thaobh airgead na mbliana seo chugainn, mar tá sé ar bharr an liosta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go gcuirfear airgead ar fáil don bhóthar seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.