Dáil debates

Thursday, 26 October 2017

Topical Issue Debate

Scéim na mBóithre Áise

7:40 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Tá Bóthar Dhoire Fhearta ag síneadh idir an bóthar ó Bhéal an Daingin siar go ceantar na n-oileán agus go Casla agus an Cheathrú Rua. Tá daonra ollmhór sa gceantar sin. Tá thart ar 3,000 duine siar uaidh. Tá go leor daoine ina gcónaí ar an mbóthar féin agus ar mbóithríní a gcuireann isteach air. Is bóthar fíor-thábhachtach é sa gceantar sin. Tá thart ar 5,000 duine ag conaí i gceantar na Ceathrú Rua féin, ainneoin nach bhfuil an sráidbhaile an-mhór. Is ceantar scaipthe tuaithe é, le dlús mór tithíochta tógtha ar an seanbhealach Gaelach. Lonnaithe ar an gCeathrú Rua, mar shampla, tá bunsheirbhísí do phobail iardheisceart Chonamara ar nós an briogáid dóiteáin, an t-otharcharr, dochtúirí, meánscoil don cheantar uilig, bunscoil, coláiste tríú leibhéal - rud nach bhfuil ann taobh amuigh de na bailte móra in aon áit eile sa tír, agus, ar ndóigh, na coláistí Gaeilge, maraon le tionscadail eile.

Tá trácht nach beag ar Bhóthar Dhoire Fhearta. Suas go 2008, bhí caoi á cur ar an mbóthar de réir a chéile. Bhíothas chun é a leathnú agus bhí cosáin coisithe á gcur isteach ar thaobh an bhóthair. Stop an obair ansin agus níor tharla tada ó shin. Tá an pobal áitiúil ag déanamh agóide le tamall fada anuas go gcuirfidh feabhas agus caoi ar an mbóthar agus go leathnófaí é le go mbeadh cosáin coisithe ann don iliomad duine a bhíonn ag súil ar an mbóthar sin mar gheall ar an méid sholáthar oideachais atá sa gceantar.

Tá thart ar 160 slat, nó 150 m, den bhóthar atá ag titim isteach agus atá éirithe thar a bheith contúirteach. Ní féidir leis sin fanacht ar chistíocht ó chistí eile. Teastaíonn cistíocht phráinneach le caoi a chur ar an mbóthar seo. Tá mé ag iarraidh ar an Aire déanamh cinnte go gcuirfear airgead ar fáil le caoi a chur ar an bpíosa seo den bhóthar go práinneach sular dtarlódh timpiste. Bíonn go leor busanna scoile ag teacht ar an mbóthar agus tá an contúirt ann go dtitfidh an bóthar isteach ar leataobh sa gclais, mar is éard atá ag tarlú. Tá an contúirt ann go dtitfidh an bóthar isteach sa gclais. Má tharlaíonn sé sin agus bus ag dul thairis, d'fhéadfadh timpiste mhór tarlú. Gan dul rófhada leis an scéal, tá an pobal ag iarraidh airgid - airgead beag sa gcomhthéacs náisiúnta - le caoi phráinneach a chur ar an mbóthar agus le déanamh cinnte go bhfuil an bóthar sábhailte. Is é sin an méid atá uathu - bóthar sábhailte le taisteal air chuile lá. Is bóthar réigiúnach é seo, ní bóthar áitiúil é. Is eocharbhóthar é sa gceantar atá i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.