Dáil debates
Wednesday, 11 October 2017
Financial Resolutions 2018 - Financial Resolution No. 4: General (Resumed)
5:50 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Roinnfimid deich bomaite agus deich bomaite. Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle. Tá an-áthas orm deis a bheith agam cur síos ar an maoiniú breise atá curtha ar fáil do mo Roinn i gcáinaisnéis 2018 a fógraíodh inné. Tuigim go rímhaith an dualgas atá orm úsáid na Gaeilge ar fud na tíre a mhéadú. Tugann an maoiniú bhreise de €2.5 milliún aitheantas don obair chrua atá déanta ar fud na tíre idir thograí Gaeilge agus Gaeltachta. Tugann sé go dtí beagnach €62 milliún an méid airgid a bheidh á infheistiú ag an Rialtas sa teanga in 2018. Is léir ón infheistíocht atá déanta i mblìana, agus le blianta beaga anuas go bhfuil an Rialtas seo dírithe ar theacht leis an tiomantas dár gcultúr atá le feiceáil i go leor de na heagraíochtaí díograiseacha atá ar fud an Stáit, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.
Cuireann sé áthas faoi leith orm go bhfuil €1.4 milliún breise cinntithe agam don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga. Tá treisiú an phróisis pleanála teanga cínntithe agam in 2018 leis an méadú suntasach ar mhaoiniú atá fógartha. Go dtí seo, tá an próiseas tosaithe in 23 de na 26 limistéar pleanála teanga agus, an mhí seo a chuaigh thart, d’fhógair mé go bhfuil an chéad trí phlean teanga Gaeltachta ceadaithe. Tá na pleananna sin anois á mbogadh ar aghaidh go dtí an chéim is tábhachtaí den phróiseas pleanála teanga, is é sin cur i bhfeidhm na bpleananna teanga. Cuideoidh an maoiniú seo anois le pobail na Gaeltachta tosú ar fheidhmiú a gcuid pleananna agus tionchar níos mó ná riamh a imirt dá réir ar staid reatha na Gaeilge le cuidiú leanúnach mo Roinn, Údarás na Gaeltachta agus páirtithe leasmhara eile. Ar ndóigh, cuideoidh an méadú ar mhaoiniú atá fógartha sa cháinaisnéis do chláir agus do bhearta eile Gaeilge agus Gaeltachta le tacaíocht a thabhairt don phróiseas pleanála teanga trí chéile.
Tá áthas orm go bhfuil sa bhreis ar €300,000 i maoiniú caipitil curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta do 2018. Fágann sé sin gurb é €7 milliún an bunlíne nua caipitil i mbuiséad 2018 d’Údarás na Gaeltachta. Ní miste dom a lua freisin go bhfuil allúntas breise ar fiú €1.5 milliún in airgead caipitil curtha ar fáil agam don Údarás i mbliana, chomh maith le €2.4 milliún anuraidh. Fágann sé sin go bhfuil €3.9 milliún sa bhreis ar an mbunline curtha ar fáil don Údarás thar dhá bhliain anuas - idir 2016 agus 2017. Táim sásta go dtabharfaidh an t-allúntas breise seo deis don Údarás roinnt tograí caipitil tábhachtacha a bhrú chun cinn in 2018 agus tuilleadh fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht dá bharr.
Maidir leis na comharchumainn Gaeltachta, tá áthas orm go bhfuil maoiniú breise de €100,000 curtha ar fáil don Údarás le cur i dtreo forbairt teanga, cultúir agus pobal sa Ghaeltacht in 2018. Tugann an maoiniú breise seo leithdháileadh breise de €350,000 san iomlán don Údarás i leith an réimse seo thar dhá cháinaisnéis. Tá ról lárnach ag an Údarás sa phróiseas pleanála teanga, i gcoinneáil poist ina chliantchuideachtaí agus i mealladh níos mó infheistíochta isteach sna ceantair Ghaeltachta. Táim muiníneach go dtabharfaidh a n-allúntas foriomlán deis dó a shainchúram a chomhlíonadh sa bhliain atá le teacht.
Is féidir a bheith cinnte de go n-aithním go maith an clár oibre fónta atá idir lámha agus beartaithe ag an Údarás agus go leanfaidh mé orm ag déanamh gach iarracht chun tacú le feidhmiú an chláir oibre sin laistigh de na hacmhainní a bheidh ar fáil dom. Tá an-obair ar bun taobh amuigh den Ghaeltacht fosta, agus creidim go bhfuil aitheantas tugtha ag an Rialtas don obair seo. Ba mhaith liom cúpla focal a rá trí Bhéarla. The Government will also continue to support the work of an Foras Teanga, which has been allocated €14.028 million in 2018, subject to NSMC approval. This funding will support the work of both Foras na Gaeilge and the Ulster Scots Agency.
The allocation of €687,000 for my Department’s language support scheme is particularly welcome. This scheme supports people who wish to improve their Irish language skills, allowing them to undertake training at a variety of levels, both within and outside the Gaeltacht, helping to deliver the Government’s objective to increase the number of daily Irish speakers. These schemes have provided a modern approach to the language in recent years. I am committed to continuing to develop these in the coming years.
Níl anseo ach cur síos ar chuid den obair atá ar bun. Is léir go bhfuil an Rialtas ag tacú go láidir leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht, agus le pobail na n-oileán. Aithníonn an méid a fógraíodh inné an sárobair atá ar bun chun úsáid na teanga a chaomhnú, a bhogadh chun tosaigh agus a fhorbairt.
No comments