Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

Cruinnithe an Aire

3:15 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní fadhb í. D'éist mé leis an Teachta agus tá mise ag caint anois. Tá rudaí dearfacha i gceantair na Gaeltachta agus tá rudaí dearfacha taobh amuigh den Ghaeltacht agus sa Tuaisceart fosta. Tháinig suas le céad daoine go dtí mo pharóiste féin i rith an tsamhraidh chun ranganna Gaeilge a dhéanamh. Tá rudaí thar a bheith dearfach ann. Bhí mise i Sord ar maidin agus chas mé leis na daoine óga agus na leanaí istigh i mbunscoil i Sord. Tá suas le 600 leanaí sa scoil ag labhairt Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá dualgaisí ollmhóra orm maidir leis an Ghaeilge agus an teanga. Chas mise le Conradh na Gaeilge nuair a tháinig mé isteach sa phost úr i mbliana. Beidh mé ag casadh leis na daoine uilig. Bhí cúpla cruinnithe agam an tseachtain atá thart i nGaillimh. Tá mé i gcónaí ag casadh le daoine timpeall na tíre agus istigh sa Ghaeltacht. Níl sé ceart bheith ag caint fadúda na gnéithe diúltacha fadúda an teanga i gcónaí. Ní bhfeicim na rudaí diúltacha. Chím na rudaí dearfacha. Chím na deiseanna. Chím na féidearachtaí sa Ghaeltacht. Tá muidne sa tír in áit difriúil fadúda an teanga. Tá na rudaí dearfacha ann. Tá an spreagadh ag dul ar aghaidh fosta. Níl an tiomantas i gceist fosta maidir leis na tuismitheoirí. Cinnte, tá acmhainní i gceist i gcónaí agus chím an díospóireacht sin, ach tá an Roinn Oideachas agus Scileanna agus mo Roinn féin freagrach as an teanga, Tá mé ag obair go cóngarach le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Heather Humphreys. Bhí cruinniú againn i gContae Mhuineacháin cúpla seachtain ó shin agus bhíomar ag caint fadúda an teanga agus Éire Ildánach. Beidh an teanga fite fuaite sa chúig pháirt den togra sin an bhliain seo chugainn. Tá mise ag leanúint ar aghaidh le bliain na Gaeilge 2018. Bhí cómhrá dearfach agam leis na heagraíochtaí maidir leis sin cúpla seachtain ó shin agus b'fhéidir go mbeidh comhpháirtíocht agus comhráite dearfacha de dhíth maidir leis sin. I gconaí, tá rudaí dearfacha ann agus tá an teanga ag dul ó neart go neart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.