Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

Scéimeanna Teanga

2:55 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

An bealach is féaráilte ná bealach ina bheidh achan dream clúdaithe. Tá ceart ag an Teachta maidir leis na pleananna difriúla. Oibríonn na pleananna ón bun aníos agus tá na daoine agus na dreamanna uilig sna ceantair freagrach as na pleananna. Tá sé sin tábhachtach. Níl a fhios agam cad a tharlóidh amach anseo maidir leis an tacaíocht nó an cuidiú a bheidh ar fáil. É sin ráite, in 2014 nuair a tháinig an tAire sinsearach, an Teachta Humphreys, agus mé féin isteach sa Roinn, ní raibh aon laghdú ann. Táimid ag dul ar aghaidh agus ó neart go neart leis an airgead breise atá ar fáil. Ní haontaím go bhfuil an tír ina ceart anois. Ní bheidh breis airgead ar fáil sa bhuiséad seo. Achan cheist a fuair mise nuair a tháinig mé ar ais i mí Mheán Fómhair, bhí na daoine uilig ag iarraidh airgid agus acmhainní breise. Tá sé sin tábhachtach agus is é sin mo jab, agus tá dualgas mór orm maidir le hairgead a fháil. Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall fá dtaobh de sin. Leis na pleananna teanga, áfach, is é an príomhrud ná an tús atá leo. Tá siad tosaithe anois agus is iad na dreamanna áitiúla atá freagrach as na pleananna sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.