Dáil debates

Wednesday, 27 September 2017

Priority Questions

An Clár Rialtais

2:55 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím nach mbeidh an Teachta ag fáil an figiúir inniu. Cuirim fáilte roimh an chóras sin. Ceapadh mise i mo Aire Stáit in 2014 agus sin an chéad am a bhí airgead breise ar fáil fá choinne an bhuiséad caipitil d'Údarás na Gaeltachta. Tá mé ag súil leis an lá a bheidh airgead breise ann achan bhliain. Níl mise chun figiúir a rá inniu ach tá mé ag bogadh ar aghaidh le hacmhainní breise a fháil fá choinne poist a chruthú sna ceantair iargúlta Gaeltachta i gContae Chiarraí, Contae Chorcaí, Contae na Gaillimhe - ceantar an Teachta féin - Contae Dhún na nGall agus ceantair éagsúla eile Gaeltachta. Ar leibhéal amháin, cím na deacrachtaí ach cím na deiseanna agus na féidearthachtaí fosta. Gabhaim mo bhuíochas agus m'aitheantas leis na daoine a bhíonn ag obair ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Rud dearfach é sin, ach, cinnte, tá acmhainní de dhíth amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.