Dáil debates

Tuesday, 26 September 2017

3:15 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Bhí comhrá dearfach idir mé féin agus Ardrúnaí agus príomhoifigigh Roinn na Gaeltachta. Táimid ag lean ar aghaidh leis an gcomhrá idir na coistí ábhartha, Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ina measc. Tá an reachtaíocht seo difriúil le reachtaíocht eile agus tá scrúdú réamhreachtaíochta de dhíth idir na Ranna ábhartha agus na páirtithe leasmhara éagsúla.

Táim dóchasach go mbeidh fógra á dhéanamh faoi ag tús na bliana ach, anois, tá sé ar an chlár agus tá sé ag dul ar aghaidh. Dréachtaíodh an Bille roimh an samhradh agus, anois, tá sé ar mo phríomhchlár agus beidh muidne i dteagmháil leis an Teachta agus lena coiste maidir leis an chomhairliúcháin cuimsithheach atá de dhíth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.