Dáil debates

Friday, 14 July 2017

Mental Health (Amendment) Bill 2017: Report and Final Stages

 

11:20 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Molaim an Teachta Browne as an méid taighde agus as an obair atá déanta aige maidir le scrúdú ar shláinte mheabhrach agus féinmharú agus, gan dabht, an tslí a bhfuil sé tar éis an Bille seo a thabhairt chun cinn. Tá an-chuid tacaíochta faighte aige ó grúpaí deonacha éagsúla timpeall na tíre. Molaim an Teachta as sin. Is é aidhm an Bhille cuid de na moltaí atá léirithe sa tuarascáil ó 2015 a bhrú chun cinn mar tá géarghá leis. Léiríonn an méid díospóireachta, an tslí go bhfuilimid go léir aontaithe agus an tslí go bhfuil an Ceann Comhairle tar éis an díospóireacht seo a scaoileadh isteach anseo inniu go bhfuil an méid sin suime ann. Léiríonn sé chomh maith an tslí a shíneann ceist na sláinte meabhraí agus féinmharú isteach i ngach pobal timpeall na tíre agus nach bhfuil aon éalú ann uaidh. Déanaim comghairdeachas leis an Aire Stáit as a ainmniú. Tá dúshlán amach roimhe ach tá tacaíocht ann dó. Táimid aontaithe faoi seo agus is dóigh liom gur mór an cabhair é sin chun cúrsaí a bhrú chun cinn.

Díreoidh mé ar dhá ábhar faoi leith. Is féidir leis an gcóras oideachais cabhrú leis seo. Caithfimid a bheith soiléir i gcónaí go mbeidh laethanta ann nach néireoidh linn, go mbeidh dúshláin romhainn anois is arís agus go mbeidh orainn aiseirí arís agus arís eile. Resilience atá i gceist. Ba chóir go mbeadh modúl éigin sa chóras oideachais, sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna, chun an tacaíocht agus na scileanna cuí a thabhairt do dhaoine óga chun gur féidir leo éirí arís agus arís eile agus tabhairt faoi na dúshláin sin. In éineacht leis sin, braithim go bhfuil bearna san eolas atá ann ar áiseanna áitiúla. Is iad san rudaí ar nós cúnamh ón dochtúir nó áiseanna eile faoi leith atá sa cheantar. Go minic bíonn eolas ag daoine faoi na háiseanna náisiúnta ar nós Pieta House, Childline agus mar sin de, ach ba chóir na bearnaí áitiúla a líonadh isteach chomh miath.

Gabhaim mo bhuíochas leis an gCeann Comhairle agus molaim an Bille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.