Dáil debates
Wednesday, 12 July 2017
Ministers and Secretaries (Amendment) Bill 2017: Committee and Remaining Stages
9:35 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Go raibh maith agat. Ní raibh mé ag iarraidh teacht isteach ach déarfaidh mé cúpla focal. Tá mise istigh sa Roinn cultúir, oidhreachta agus Gaeltachta. Tá mo ról i leith an teanga agus mo ról i leith na Gaeltachta fite fuaite. Mar atá a fhios ag an Teachta, tá Údarás na Gaeltachta freagrach as pleanáil teanga. Ní raibh an Teachta ag úsáid an focal "teanga" anocht. Tá muidne sa Rialtas, agus An Taoiseach, Teachta Varadkar, go háirithe, ag spreagadh an teanga. Táimse timpeall an bhord Rialtais. Táimse freagrach as an teanga agus as an Gaeltacht. Tá nasc agus ceangal idir ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus an teanga. Is é sin an fáth ar cheap an Taoiseach mise. Sin mo phointe, ach dá mbeadh an Teachta ag iarraidh freagra maidir le ról an Taoisigh i leith cinntí maidir le cibé a bheas freagrach as na Ranna éagsúla ábhartha, sin scéal difriúil.
No comments