Dáil debates

Wednesday, 12 July 2017

Ministers and Secretaries (Amendment) Bill 2017: Committee and Remaining Stages

 

9:05 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Sorry, there were 300 people in the place. Much to my embarrassment, they insisted on giving me a full dinner first. I said I would go out and talk to the people first. They are hospitable people, they all stayed and we had a very interesting night. I remember saying to them that night that compared to some urban areas, life was actually good in Ballycroy. I agree with that but we also need to provide basic services, including broadband.

I would like to think that Deputy Tóibín takes his amendment about an all-Ireland approach seriously. If he did, he could have made the simple proposal that the Minister, Deputy Ring, would persuade the Taoiseach to put the three all-Ireland bodies that used to be in the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs in this new Department. When I was there, Foras na Gaeilge, An Foras hUltaise and Waterways Ireland were all under the remit of the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs. It was unique as a Department to have three all-Ireland bodies. It was fantastic. As any of the Deputy's colleagues in the North will know, I spent a great deal of time in the Six Counties visiting all of the communities, nationalist and unionist. I operated on an all-Ireland basis and provided Exchequer funds to schools and rudaí cultúrtha eile. I have always believed that actions are more important than words. If Sinn Féin was really interested in an all-Ireland approach, it would be pressing very hard for those functions to transfer to the Department of the Minister, Deputy Ring. If not in name, it would in fact be working on an all-Ireland basis.

Turning to my amendments, during the period from 2002 to 2011, rural affairs, the Gaeltacht and the islands were the responsibility of the same Department, which created a good synergy. Labhróidh mé faoi na hoileáin i dtosach. Nach bhfuil sé aisteach go bhfuil cúram na n-oileáin ag dul a bheith scoilte amach, scartha amach agus deighilte amach ó cúram tuaithe? Má tá áiteanna ar bith in Éirinn a bhfuil tuathúíl, nó amuigh faoin tuath, is iad na hoileáin iad. Tá sé thar a bheith ciallmhar go mbeidís istigh i Roinn amháin le gnóthaí tuaithe nó forbairt tuaithe. Ní bheidh aon fhadhb maidir leis an aireacht Stáit dá ndéanfaí é sin. Ní bheidh le dhéanamh ag an Taoiseach ach a rá i mbun cruinniú Rialtais go mbeidh cúraimí idir-Ranna ag an tAire Stáit, Teachta McHugh. Níl aon fhadhb. Rinneadh é seo míle uair. Ní gá dó ach teacht os comhair na Dála agus beidh na cúraimí ann. Tá go leor Airí agus Ranna Stáit faoina chúram, nó tá plé aige le go leor Ranna Stáit. Cuirfidh sé téagar agus neart leis an Roinn. Cuirfidh sé le ciall na Roinne. Is é an dream is mó atá scoilte amach ó na cathracha ná an dream atá amuigh ar na hoileáin. Tagann an dream sin faoin Roinn cultúir nua. Tá sé an-deacair é sin a thuiscint.

Tá an fhadhb chéanna leis an nGaeltacht, taobh amuigh de Ghaeltacht Chathair na Gaillimhe. I ndairíre is beag an Ghaeltacht atá sa chathair fiú go n-ainmnítear mar Ghaeltacht í. Nuair a theítear don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta is beag an plé atá ann faoin Gaeltacht na Gaillimhe sa gciall ina thuigtear Gaeltacht. Is cuimhin liom a bheith ag canbhaiseáil istigh i dTír Oileáin, eastát tithíochta i nGaillimh. Bhí mé ag dul ó theach go teach. Tá Tír Oileáin sa Ghaeltacht agus dúradh liom i gceann de na tithe go raibh fear as an nGaeltacht ina chónaí sa chéad teach eile. An rud a bhí i gceist acu ná go raibh fear as Gaeltacht Conamara ina chónaí ann. Ní bhfaca siad iad féin mar dhaoine a raibh cónaí orthu sa Ghaeltacht. Nílim cinnte go bhfuil a fhios ag formhór an phobail sin go bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht.

Maidir leis na Gaeltachtaí mar a thuigimid na Gaeltachtaí - na Gaeltachtaí a bhí i gceist go mbeadh siad sainaitheanta sa mBille a thug an t-iarAire, -Dinny McGinley, isteach - is ceantair tuaithe iad. Tá fadhbanna fisiciúla sa Ghaeltacht. Ní cheist teanga amháin í an Ghaeltacht. Tá imirce go mór i gceist. Tá easpa bunstruchtúr go mór i gceist. Mar sin, ritheann sé le réasún go mbeadh an Ghaeltacht, mar aonad tíreolaíoch, sa Roinn céanna le forbairt tuaithe agus go mbeadh an tAire céanna ós a gcinn. Mar sin, táimid ag moladh go n-athrófaí teideal na Roinne. Táimid ag moladh go dtabharfaidh isteach an Ghaeltacht sna hoileáin agus go tabharfaidh téagar don Roinn.

Arís, bhí mé ag breathnú ar na figiúirí agus is eol don Aire Stáit, muna bhfaighidh sé ach cúraimí tuaithe, cúraimí pobail agus cúraimí réigiúnach - agus glacaim leis go bhfaighfidh sé cúrsaí réigiúnacha fiú nach bhfuil iad luaite sa teideal - beidh thart ar €60 milliún euro ag an Roinn nua. Sa bhliain deireadh ina raibh mise mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta bhí €418 milliún faoi mo stiúradh. Bhí sé sin tábhachtach ag bord an Rialtais. Ná habair liom nach ndéanann cistiú na Roinne aon difríocht. Is an-áit é a bheith mar Aire, ach beidh an Teachta Ring in ann rud eígin i bhfad níos foirfe a dhéanamh faoin rud atá faoina chúram féin.

Ceann de na fáthanna gur bunaíodh an scéim CLÁR mar a bhunaíodh é, nuair a bhunaíodh é don chéad uair, ná an smaoineamh céanna a bhí taobh thiar an RAPID programme sa gcathair. Bhí sé díreach mar atá an jab a tugadh don Aire. Bhí muid ceaptha chun fadhbanna na gcathracha a leigheas - bochtanas agus na ceantair fíorbhocht sna cathracha - trí chomhchoistí de Ranna Stáit a thabhairt le chéile agus an tAire ag imirt tionchar orthu. Dúirt mé liom féin, mura mbeinn an t-airgead agam chun dul i ngleic le sin, ní bheidh in ann tionchar a imirt. Dúirt mé go raibh airgead uaim. Stiúr mé €20 miliún. Cheap mé go mbeinn in ann tionchar a imirt ar Airí eile dá mbeinn in ann a rá go bhfuil mo chuid den airgead agam agus a fhiafraí cá bhfuil cuid an Aire eile. Is as an gcoincheap sin a bhunaíodh CLÁR. Tá a fhios agam go bhfuil an-mheas ag an Aire ar an scéim CLÁR. Nílim lánsásta leis an gcaoi ina bhfuil sé ag feidhmiú meicníocht an scéim, ach tá a fhios agam go bhfuil meas aige ar an scéim agus go dtuigeann sé go dtugann sé cumhacht dó. Tugann sé deis dó dul ag Airí eile agus a rá go cuirfidh sé euro ar fáil má chuireann an Aire eile €3 no €10 ar fáil. Tá a fhios agam go bhfuil sé i gceist ag an Aire an scéim sin a oibriú, ach muna bhfuil an t-airgead aige ní bheidh sé in ann é sin a dhéanamh. Leis an smaoineamh seo, beidh sé in ann an-tionchar a imirt trí rural-proofing.

Gheobhaidh an tAire amach, mar a dhéantar le chuile proofing atá ar na meamraim Rialtais, go scríofar, má tá siad á scríobh, céard a tharlóidh nuair a bheidh sé scríofa. Thíos in íochtar, beidh liosta ceisteanna. An bhfuil sé féaráilte ó thaobh chúrsaí cothromais gnéis? An bhfuil sé féaráilte ó thaobh chúrsaí bochtanais? Ní chuirfidh siad aon athrú ar an meamram, ach déarfaidh siad nach mbaineann sé leis seo nó go mbaineann. Ní bhfuair an tAire agus ní fhaca sé agus ní fheicfidh sé aon mheamram ag teacht ar aghaidh. Má tá sé ag déanamh rud faoi scolaíochta nó rud éigin leis an Aire Oideachais agus Scoileanna, déarfaidh siad go bhfuil leas scoileanna na tíre ar fad agus mar sin de chun tairbhe i gceantair tuaithe. Is dóigh liom go bhfuil dóthain ráite agam. Tá mé ag moladh go nglacfar leis na leasuithe atá curtha síos agus go n-athrófar teideal na Roinne. Bheadh súil agam go n-éisteoidh an tAire sinsearach linn agus go nglacfaidh sé leis na leasuithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.