Dáil debates

Wednesday, 12 July 2017

Ministers and Secretaries (Amendment) Bill 2017: Committee and Remaining Stages

 

8:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an leasú faoi uile-Éireann agus táim ag tógáil dearcadh uile-Éireann ar seo. Tá mé ag iarraidh a mhíniú cén fáth go gcreidim, má táimid ag breathnú ar seo ar bhonn uile-Éireann, go mbeadh ceart dúinn an chur chuige céanna a dhéanamh ó Dheas.

Tá difríocht amháin ó Dheas. Ó Thuaidh nuair nach bhfuil Rialtas ann ní tharlaíonn tada. Ó Dheas, go dtí go mbunófar an Rialtas, beidh na feidhmeanna seo ag an Aire a ainmníodh nuair a tháinig isteach sa Roinn. Mar a chéile leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Bogfaidh an saol ar aghaidh. Beidh Airí i gceannas. Beidh an tAire, Teachta Ring, cur in iúl don Rialtas na rudaí gur theastóidh uaidh go ndéanfaí. Ní bheidh aon fhadhb ann. Beimid ag láidriú lámh an Aire go mór dá mba rud é go gcuirfimid siar é. Tá seanfhocal ann, marry in haste and regret at leisure. Tá an-oiread deifir ar seo. Tá fíordhrochmhargadh á dhéanamh. Tá sé cosúil leis an bhfeirmeoir a théann chuig an aonach ag rá gur gcaithfidh sé bó éigin a dhíol an lá sin. Tá a fhios againn cén cineál praghais a gheobhaidh sé ar an mbó dá ndéanfadh sé é sin. Tá a fhios againn, ar ndóigh, nuair atáthar ag dul ar an aonach déarfaí nach bhfuil deifir ar bith ann. Déarfaí gur féidir an bó a thabhairt abhaile muna fuarthas margadh ceart. Is léir nach bhfuil géarphráinn ar an Aire margadh a dhéanamh. Ag éisteacht leis an Aire, Teachta Ring, tá áthas orm go bhfuil sé ag tógáil dearcadh dearfach maidir leis na gceantar tuaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.