Dáil debates

Wednesday, 12 July 2017

Ministers and Secretaries (Amendment) Bill 2017: Committee and Remaining Stages

 

8:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

I have to say gur éist mé le fíorspéis leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Tóibín. Chuir sé iontas orm go raibh deifir air an Roinn a bhunú, is cuma cé na cúinsí nó cé na cúraimí nó cé chomh dona agus a bheidh an Roinn sin ag déileáil leis na fabhbanna atá ann. Cuireann sé an-iontas go deo orm go ndéarfadh ball Sinn Féin é sin mar creideann an páirtí sin - agus b'fhéidir go bhfuil an ceart aige - gur fearr Tuaisceart Éireann a fhágáil gan Rialtas ar bith ná drochmhargadh a dhéanamh. In ionad Feidhmeannais a thabhairt isteach agus comhréiteach a dhéanamh leis an DUP tá Sinn Féin ag seasamh taobh amuigh agus ag fágáil cúpla Státseirbhíseach agus airí ó thír iasachta leis an áit a riaradh. Cuireann sé sin iontas orm mar shíllfeá go n-aontódh an Teachta liom go ndéanfadh sé ciall cinntiú go mbeadh na cumhachtaí cearta ag an Aire, Teachta Ring. Tá croí an Aire san áit ceart, ní shéanfainn é sin, ach tá sé in aghaidh córais mhór mhillteach. Tá sé seo ar eolas agam.

Tá roinnt figiúirí agam anseo. Tá an méid ollcaiteachais atá ar an Rialtas anois thart ar 5% taobh thiar den caiteachas i 2010. Tá sé spéisiúil go bhfuil an caiteachas ar fhorbairt réigiúnach agus tuaithe 20% níos lú agus go bhfuil caiteachas ar ghnóthaí pobail 42% níos lú. Mar sin, is léir nach bhfuil aon tosaíocht á thabhairt ag an Rialtas san iomlán do na gnóthaí seo agus go bhfuil rudaí eile níos tabhachtaí dó ná gnóthaí tuaithe agus réigiúnacha.

Is aisteach go bhfuil Sinn Féin ag úsáid argóint amháin ó Thuaidh nach úsáideann sé ó Dheas - gur fearr fanacht agus margadh maith a dhéanamh, ná deifir a dhéanamh agus drochmhargadh a dhéanamh. Má táimid ag breathnú ar an leasú atá á mholadh ag baill de Shinn Féin ó thaobh uile-Éireann de, shílfeá go mbreathnóidís ar seo ar bhonn uile-Éireann agus go ndéarfaidís dóibh siúd go bhfuil an cur chuige atá ceart sa Tuaisceart chomh ciallmhar céanna ó Dheas, fiú go bhfuil an cás seo neamhcósúil ó chás an Tuaiscirt. Ó Thuaidh, nuair nach bhfuil aon Rialtas ann, tugtar forlámhas do dream seachtrach taobh amuigh den tír.

The Minister, Deputy Ring, might remember many years ago when I was the Minister and he was a backbench Deputy I met him coming across the "Bridge of Sighs" between here and Government Buildings and I said things were bad in Achill and Mayo and he said "Yes". Then I said things were very depressed and he said "Yes".

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.