Dáil debates
Wednesday, 12 July 2017
Questions on Promised Legislation
1:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla, tá a fhios ag an Taoiseach gur fhoilsíodh an scéim ginearálta agus dréachtchinn an Bhille le déanaí. Tá ceist agam faoi amscalaí maidir le dhá rud. Cén amscála atá i gceist maidir leis an dréachtbhille féin? Cén uair a thiocfaidh an scéim ginearálta os comhair an choiste cuí, is é sin Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán? Tá práinn le seo agus ba mhaith liom cúnamh an Cheann Comhairle freagra a fháil.
No comments