Dáil debates
Wednesday, 28 June 2017
Questions on Promised Legislation
12:45 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla, chuireamar go léir fáilte chroíúil roimh an scéim ghinearálta agus dréacht chinn an Bhille. Céim dhearfach amach is amach an chéim sin. Tá ceist shonrach agam, áfach. Cén uair a bheidh an Bille ag teacht os ár gcomhair? Tá práinn leis an reachtaíocht sin. Scála ama atá i gceist. An féidir a rá liom cén scála ama atá i gceist?
No comments