Dáil debates

Wednesday, 21 June 2017

Questions on Promised Legislation

 

1:50 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá dhá rud sciobtha agam. Inné, bhí Aire Stáit an Rialtais in easnamh sa Teach i rith cheisteanna ar ealaíona, oidhreacht agus an Ghaeltacht. An fáth go raibh sé ar iarraidh ná go raibh sé ag freastal ar an gcoiste gnó. Bhí sé ag freastal ar an gcoiste gnó mar gur thug an Taoiseach dhá phost dó. Ní bhíonn deis againne ach cúpla ceist a chur ar an Aire Stáit gach sé seachtaine. Is rud uafásach é nach raibh sé anseo. Bhí ar an Aire, Teachta Michael Ring, ceisteanna a fhreagairt, ceisteanna nach raibh feicthe aige go dtí go raibh sé á léamh. Cad atá an Taoiseach chun déanamh le bheith cinnte go mbeidh an tAire Stáit anseo as seo amach?

An dara rud ná go bhfuil géarchéim uafásach sa Ghaeltacht ag an bomaite mar gheall ar titim sa mhéad Gaeilge atá á labhairt ann. Tuigim anois go bhfuil an Rialtas idir dhá chomhairle maidir leis an bhfocal "Gaeltacht" a chur i dteideal na Roinne. An dtabharfaidh an Taoiseach-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.