Dáil debates
Tuesday, 2 May 2017
Other Questions
Acht na Gaeltachta
6:50 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Faoin bpróiseas pleanála teanga mar a leagtar amach é in Acht na Gaeltachta 2012, tá an Ghaeltacht roinnte i 26 Limistéar Pleanála Teanga ar leith. Faoin bpróiseas seo, tá i gceist go n-ullmhófar agus go bhfeidhmeofar plean teanga ar bhonn áitiúil i leith gach ceann de na limistéir seo i gcomhréir le forálacha ábhartha an Achta. Go dtí seo, foilsíodh fógra faoi alt 7(3) d’Acht na Gaeltachta i leith 23 den 26 limistéar ar fad, rud a chiallaíonn go bhfuil céimeanna idir lámha i ngach aon cheann de na limistéir sin chun pleananna teanga a ullmhú. Tá sé i gceist go gcuirfear faoi mo bhráid iad le ceadú chun críche an Achta sula dtosaítear le feidhmiú na bpleananna sin. Ach an oiread le gach plean teanga a cheadófar faoin bpróiseas, beidh ordú i gcomhréir le halt 7(2) den Acht á dhéanamh agam faoina n-aithneofar gach limistéar faoi leith mar limistéar pleanála teanga Gaeltachta, rud a chuirfidh tús go foirmiúil le forfheidhmiú pleananna teanga i leith na limistéar sin.
I gcomhréir leis an tráthchlár oibre atá aontaithe ag mo Roinn le hÚdarás na Gaeltachta, tá i gceist go gcuirfear tús le hullmhú pleananna teanga idir seo agus deireadh na bliana sa trí limistéar Gaeltachta eile a bhfuil an próiseas fós le tosú iontu, eadhon Bearna agus Cnoc na Cathrach: Oirthear Chathair na Gaillimhe agus an tEachréidh.
Le cumasú don obair fhónta seo ar fad, cheadaigh mé allúntas ar fiú €850,000 le gairid, €735,000 dá chuid a bheidh ag dul chuig Údarás na Gaeltachta, leis an bhfuílleach de €115,000 le dul chuig Foras na Gaeilge le haghaidh Líonraí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Mar is eol don Teachta, bhí trí chruinniú poiblí i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite chun brú ar aghaidh leis an trí limistéar atá fágtha. Chuala mé go raibh thart ar 100 duine ag an gcruinniú do Bhearna agus Cnoc na Cathrach ag Óstán Clybaun ann. Bhí thart ar seasca ag na cruinnithe eile in Óstán Bhaile Chláir na Gaillimhe agus in Óstán Melo.
No comments