Dáil debates
Tuesday, 2 May 2017
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions
Meath na Gaeltachta
6:20 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
-----rud a chiallaíonn go bhfuil 17 comhlacht nach raibh aon scéim acu riamh cheana ceangailte anois le réimse leathan de gealltanais ó thaobh na Gaeilge de. Tá dul chun cinn déanta. Tá an ceart ag an Teachta nach bhfuil cuid de na scéimeanna foilsithe go fóill. Tá siad ag teacht isteach. Is é an príomhrud ó thaobh na pleananna teanga de ná nach bhfuil siad ag oibriú. Tá sé sin ráite agam agus ag an Coimisinéir Teanga. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag dul síos treo eile maidir leis an Acht teanga. Tá réamhobair déanta ar chinnteidil an Bhille sin. Beidh an t-ábhar seo á phlé againn ag an gcoiste idir-rannach ar 15 Bealtaine seo chugainn. Ina dhiaidh sin, pléfear an reachtaíocht os comhair an Rialtais agus comhchoiste na Gaeilge. Tá dul chun cinn á dhéanamh, ach táimid ag breathnú ar treoir eile ó thaobh na pleananna teanga. Tá sé i gceist againn caighdeán a thabhairt isteach ionas go mbeidh sé de dhualgas ar chuile eagraíocht sa Stát glacadh leis an gcaighdeán sin. Bhí cruinniú agam leis an Aire i Rialtas na Breataine Bige le déanaí agus bhí cruinniú eile agam le feidhmeannaigh i mo Roinn. Táimid ag dul síos treoir eile ó thaobh rialacháin do sheirbhísí trí mhéan na Gaeilge.
No comments