Dáil debates
Tuesday, 7 March 2017
Order of Business
3:30 pm
Micheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source
Mar is eol don Taoiseach, tá Vera Twomey tagtha don Teach seo inniu agus í buartha faoi chás a hiníon, Ava. Tá mé féin ag déileáil leis an gcás seo ó mí Iúil nuair a bhuaileas leis an Aire Sláinte. Bhí an Teachta Michael Creed agus daoine eile ann chomh maith. An deacracht is mó atá ann ná an deacracht le comhairleach péidiatraiceach a bheith ann chun cead a thabhairt cannabas a úsáid sa gcomhthéacs seo. We are familiar with the HPRA report. Sin tuarascáil tábhachtach agus tá dul chun cinn le feiscint sa tuarascáil. Tá moladh ann maidir le cannabas leighis agus seans é a úsáid i gcomhthéacs Dravet's syndrome, ailse agus araile. Tá sé geallta ag an Aire compassionate access programme a chur ar fáil ach caithfear reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Cé mhéad am a bheidh i gceist go dtí go bhfeicfimid an reachtaíocht sin?
No comments