Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

3:20 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cheapas go raibh sé seo socraithe ag an Coiste Gnó roimh ré agus bhí. Níl aon deacracht againne má thugtar níos mó ama don díospóireacht seo. Táimíd ag lorg le fada an lae níos mó ama maidir le díospóireachtaí den saghas seo. Tá Fianna Fáil ag lorg i bhfad níos mó ama seachtain i ndiaidh seachtaine, ach níltear sásta é a thabhairt dúinn. Ba chóir dúinn níos mó ama a chur ar fáil don díospóireacht agus cothrom na Féinne a thabhairt do gach Teachta Dála, cúlbhinseoirí na páirtithe is láidre sa Dáil ina measc, seans a fháil chun labhairt. De ghnáth, ní fhaigheann siad seans páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí den saghas seo. Táimíd i bhfábhar níos mó ama a thabhairt go ginearálta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.