Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

3:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is iad seo a leanas na socruithe atá aontaithe ag an gCoiste Gnó le haghaidh an sceideal gnó don tréimhse Dé Máirt go Déardaoin, 7 go 9 Márta 2017.

Is é gnó na Máirte ná Uimh. a4, tairiscint maidir le coimisiún imscrúdúcháin (cás Grace). Is é Gnó Comhaltaí Príobháideacha ná Uimh. 22, an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis (Leasú) 2017 - an Dara Céim, arna roghnú ag AAA-PBP.

Is é gnó na Céadaoine ná Uimh. a4, tairiscint maidir le coimisiún imscrúdúcháin (cás Grace) (atógáil); Uimh. 9, ráitis roimh an gComhairle Eorpach; Uimh. 2, an Bille Sláinte (Leasú), 2017 – Ordú don Dara Céim agus an Dara Céim; Uimh. 10, an Bille um Cheartas Coiriúil (Pianbhreitheanna Príosúnachta Fionraithe) 2016 [Seanad] - Ordú don Tuarascáil, An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh; Uimh. 11, an Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta a bhaineann le Córais Faisnéise) 2016 – Ordú don Tuarascáil, An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh; agus Uimh. 12, an Bille um Mí-Úsáid Drugaí (Saoráidí Insteallta Maoirsithe) 2017 – an Dara Céim (atógáil). Is é Uimh. 92, tairiscint maidir leis an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, NEPS, arna roghnú ag Fianna Fáil, a bheidh mar ghnó Comhaltaí Príobháideacha amárach.

Is é gnó na Déardaoine ná Uimh. 13, ráitis maidir le fógra an choimisiúin imscrúdúcháin a dhearbhaigh go bhfuil taisí daonna ar shuíomh iar-áras máithreacha agus naíonán Thuama; Uimh. 2, an Bille Sláinte (Leasú) 2017 – an Dara Céim (atógáil); agus Uimh. 12, an Bille um Mí-Úsáid Drugaí (Saoráidí Insteallta Maoirsithe) 2017 – an Dara Céim (atógáil). Déanfar díospóireacht ar an Dara Céim de Uimh. 24, an Bille um Dhlínse Uilechoiteann do Chearta an Duine 2015, le linn an tseala um thráthnóna.

Ba mhaith liom aird na Teachtaí a tharraingt ar an dara tuarascáil leasuithe ón gCoiste Gnó dar dáta an 6 Márta 2017. Maidir le gnó na Máirte beartaítear:

(1) I ndáil leis an tairiscint maidir le coimisiún imscrúdúcháin (cás Grace), go mbeidh gach óráid d’óráidí an tairgtheora Rialtais agus na bpríomhurlabhraithe páirtithe nó grúpaí, nó Comhalta a ainmneofar ina n-ionad, deich nóiméad i bhfad, go mbeidh cúig nóiméad an duine ag gach Comhalta eile, go dtabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad, agus go bhféadfaidh gach Comhalta am a roinnt; agus

(2) Go ndéanfar Uimh. 22, an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis (Leasú) 2017, a thabhairt chun críche ar 10 p.m.

Maidir le gnó na Céadaoine, beartaítear:

(1) I gcás nach ndéanfar an tairiscint maidir leis an gcoimisiún imscrúdúcháin a thabhairt chun críche ar an Máirt, go suífidh an Dáil ar 10 a.m. chun athchromadh ar imeachtaí ar an tairiscint agus go ndéanfar iad a thabhairt chun críche ar meán lae mura mbeidh siad críochnaithe roimhe sin. Má thugtar an tairiscint chun críche roimh meán lae, rachaidh an Teach ar fionraí go dtí meán lae agus tosóidh Ceisteanna ó Cheannairí ar meán lae; agus

(2) Go dtosóidh ráitis roimh an gComhairle Eorpach go díreach tar éis ceisteanna chun an Taoisigh agus go mbeidh ceisteanna chun an Aire Sláinte ina ndiaidh. Déanfar na ráitis a thabhairt chun críche tar éis 85 nóiméad agus ní dhéanfaidh ach Aire nó Aire Stáit agus na príomhurlabhraithe páirtithe nó grúpaí, nó Comhalta a ainmneofar ina n-ionad, óráidí a thabhairt, ní rachaidh gach óráid díobh thar deich nóiméad, tabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad, agus féadfaidh gach Comhalta am a roinnt.

Maidir le gnó an Déardaoin, beartaítear:

(1) Go suífidh an Dáil ar 10 a.m. chun ráitis a thógáil maidir le fógra an choimisiúin imscrúdúcháin a dhearbhaigh go bhfuil taisí daonna ar shuíomh iar-áras máithreacha agus naíonán Thuama. Má thugtar na ráitis chun críche roimh meán lae, rachaidh an Teach ar fionraí go dtí meán lae agus tosóidh Ceisteanna ó Cheannairí ar meán lae. Cuirfear an suí ar fionraí ar feadh 30 nóiméad tar éis an bhloic vótála agus tógfar ceisteanna chun an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ar 4 p.m.;

(2) Go mbeidh ráiteas Aire nó Aire Stáit agus príomhurlabhraithe páirtithe agus grúpaí, nó Comhalta a ainmneofar ina n-ionad, maidir le fógra an choimisiúin imscrúdúcháin a dhearbhaigh go bhfuil taisí daonna ar shuíomh iar-áras máithreacha agus naíonán Thuama deich nóiméad i bhfad. Déanfar babhta eile 40 nóiméad san iomlán do chomhaltaí den Rialtas, Fianna Fáil agus Sinn Féin a roinnt go comhréireach ar bhonn 40/40/20, faoi seach, agus féadfaidh gach Comhalta am a roinnt; agus

(3) Go suífidh an Dáil níos déanaí ná 7.48 p.m. agus go rachaidh an Dáil ar athló i ndiaidh an Bhille um Dhlínse Uilechoiteann do Chearta an Duine 2015 go dtí 2 p.m. ar Dé Máirt, an 21 Márta 2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.