Dáil debates
Tuesday, 7 March 2017
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions
National Museum
4:45 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
In ainneoin go bhfuaireamar an t-eolas ón Aire nach bhfuair siad eolas faoi seo, tá fhios agam gur fuair oifig an Aire glaoch gutháin i mí Meitheamh 2015 mar gheall ar an rud seo. Tá fhios agam freisin ón bhfoireann a bhí ann ag an am gur chuir an fhoireann sin an t-eolas os comhair na Roinne mar choimeád siad cóip istigh sa National Museum freisin. An bhfuil an tAire ag tabhairt eolas míchruinn dúinne, mar tá an t-eolas atá ag an Aire iomlán difriúil ná an t-eolas atá faighte agamsa ón bhfoireann atá istigh ann agus daoine eile a bhfuil baint acu leis?
No comments