Dáil debates
Tuesday, 7 March 2017
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions
National Museum
4:35 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Mar is eol don Aire, tá foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann ag fulaingt faoi scamall dorcha le fada. Tá a fhios againn go raibh go leor líomhaintí ann faoi mhí-iompar gnéis, faoi bhulaíocht agus faoi bhainistíocht trom-láimhe. Is rud tromchúiseach é gur tharla na rudaí seo in eagraíocht Stáit agus go raibh oibrí an Stáit ag fulaingt gan faic á dhéanamh ag an Rialtas. An raibh a fhios ag an Aire cad a bhí ag titim amach san Ard-Mhúsaem? An bhfuair an tAire an t-eolas faoi? An bhfuair a Roinn tuairisc faoin mhí-iompar gnéis agus an ndearna an tAire iniúchadh faoi?
No comments