Dáil debates

Wednesday, 1 March 2017

Questions on Promised Legislation

 

1:15 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Baineann mo cheist le cúrsaí mheabharshláinte agus an polasaí agus fís A Vision for Change, 2006 go dtí 2016. Mar a léiríonn an tréimhse ama, tháinig sé chun deiridh breis is bliain ó shin. Go mion minic sa Dáil ó shin, tá sé geallta agus deimhnithe go bhfuil athbhreithniú ar siúl. An freagra deireanach a bhfuair mé ar cheist a chur i mí Feabhra ná go raibh an t-athbhreithniú nua le foilsiú ag deireadh mhí Feabhra. Cá bhfuil sé? Táimid i mí an Mhárta anois, breis is bliain tar éis gur cuireadh stop leis an bhfís iontach sin nár cuireadh i bhfeidhm. Cá bhfuil an t-athbhreithniú?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.