Dáil debates

Tuesday, 24 January 2017

Topical Issue Debate

Oideachas Tríú Leibhéal

6:55 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuireann sé fíordhíomá orm é sin a chloisteáil. D'iarr mé ar an Aire gan an freagra céanna a thabhairt dom a thug sé sa litir a scríobh sé chugam roimh an Nollaig. Leag mé amach cúlra na ceiste seo don Aire agus mhínigh mé cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge don tír agus, sa chomhthéacs seo, do chathair na Gaillimhe agus don Ghaeltacht. D'iarr mé air, i bhfianaise an méid sin, an raibh sé sásta "athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh" agus "brú a chur ar an ollscoil athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh" a rinne siad. Is teachtaireacht dhiúltach amach is amach í an cinneadh atá déanta ag an ollscoil, a maíonn gur ollscoil dhátheangach í. Má táthar ag caint faoi straitéis nó faoi phlean straitéise, agus ag an am céanna ag cur in iúl don domhain mór nach féidir uachtarán le Gaeilge a fháil, níl i gceist ach Tadhg an dá thaobhachas. Ar a laghad, ba cheart uachtarán a fháil a bheidh sásta an Ghaeilge a fhoglaim, cosúil liom féin agus le daoine eile sa Dáil seo. Is eiseamlár iad na daoine sa Dáil atá ag streachailt leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn.

Ní mór dom a rá arís gur chuir an freagra a thug an tAire dom fíordhíomá orm. D'éist sé liom, ach níor thuig sé an méid a bhí le rá agam. Tá an chosúlacht ar an scéal nár thuig sé focal ó mo bhéal maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an eiseamlár atá in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar ollscoil dhátheangach. Go háirithe, ní thuigeann sé an ról atá ag an Rialtas, agus ag an Taoiseach mar chathaoirleach ar choiste Gaeilge an Rialtais, monatóireacht a dhéanamh maidir leis an straitéis 20 bliain. Ní féidir a rá go bhfuil lucht na hollscoile i nGaillimh dáiríre faoin nGaeilge nuair atá teachtaireacht mar seo - nach bhfuil siad sásta an riachtanas Gaeilge a bheith ag an gcéad uachtarán eile den ollscoil a choinneáil, nó nach bhfuil siad in ann uachtarán le Gaeilge a fháil - á sheoladh amach acu. Ar a laghad, ba cheart go mbeadh an ollscoil toilteanach geallúint a fháil ón uachtarán nua go mbeidh sé nó sí sásta an Ghaeilge a fhoglaim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.