Dáil debates

Tuesday, 24 January 2017

Topical Issue Debate

Oideachas Tríú Leibhéal

6:45 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Mar is eol don Aire, tá cinneadh déanta ag údarás Ollscoil na hÉireann, GaiIIimh, deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bheith ag an gcéad uachtarán eile den ollscoil. Mar is eol don Aire freisin, tá an cinneadh seo cáinte ag beagnach chuile dhream agus eagraíocht a fheidhmíonn ar son na cúise - an comhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán, iar-uachtarán na hollscoile, Misneach na Gaillimhe agus Comhaltas na Mac Léinn san áireamh.

Ar ndóigh, tá sé dochreidte go ndearna an t-údarás an cinneadh seo, cinneadh comhthola - pointe a thiocfaidh mé ar ais chuige - beag beann ar na dualgais atá ag an ollscoil ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe ollscoil a mhaíonn gur champas dátheangach atá ann.

Sa bhreis ar na dualgais agus an stádas faoi leith atá aici, is ollscoil í atá lonnaithe i gcathair a bhfuil aitheantas dátheangach bainte amach aici, aitheantas mar bhaile seirbhíse Gaeilge agus cathair atá suite ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír. Ina theannta sin, is fiú os cionn €136 milliún in aghaidh na bliana an Ghaeilge do chathair agus Contae na Gaillimhe agus cuireann sí go mór leis an eispéireas cultúrtha a fhaigheann cuairteoirí i nGaillimh agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar go gcloiseann siad an teanga agus go bhfeiceann siad muintir na Gaillimhe á húsáid mar chuid dá saol laethúil mar theanga bheo bhríomhar. I bhfianaise na ndualgais sin uilig, tuilleadh dualgais eile agus an stádas faoi leith atá ag an gcathair, tá sé fíor-dheacair a thuiscint cén chaoi ar éirigh leis an údarás an cinneadh seo a dhéanamh agus níos suntasaí fós gur cinneadh chomhthola a bhí ann. Ach is scéal é sin do lá eile.

Ardaíonn sé seo an cheist an bhfuil an Rialtas chun cead a chinn a thabhairt do údarás na hollscoile beag beann ar na dualgais atá uirthi faoi reachtaíocht éagsúla, an t-uafás airgid poiblí a fhaigheann an ollscoil agus, níos tábhachtaí fós, ar na dualgais atá ar an Rialtas seo an Ghaeilge a chur chun cinn. Sa chomhthéacs seo, mar is eol don Aire, tá structúir ar leith bunaithe ón mbliain 2011 ar aghaidh chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm agus chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm sin. Tá ról thar a bheith tábhachtach agus lárnach ag an Taoiseach é féin mar chathaoirleach ar an gcoiste Rialtais ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht. Tá ról faoi leith ag an gcoiste sin i monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

I mo thuairim, ní féidir glacadh leis an gcinneadh seo atá déanta ag údarás na hollscoile. Tá sé thar a bheith práinneach go dtaispeánfadh an tAire agus an Rialtas ceannaireacht ar an ábhar seo agus go gcuirfeadh siad brú ar an ollscoil agus ar an údarás athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin.

Fuair mé freagra ón Aire i mí na Nollag. Tá mé ag súil nach léifidh sé an freagra sin amach dom mar fhreagra ar an méid atá ardaithe inniu. An bhfuil an tAire sásta athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh féin a rinne sé roimh an Nollaig agus brú a chur ar an ollscoil athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh uafásach seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.