Dáil debates
Wednesday, 18 January 2017
Questions on Promised Legislation
1:35 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Inné, d'fhoilsigh an Taoiseach an clár reachtaíochta don téarma seo sa Dáil. Ní fheicim aon tagairt ar chor ar bith ann do Bhille nua na dteangacha oifigiúla. Cathain a fhoilseofar an Bille seo? Ná déanaimís dearmad gur gheall an Taoiseach sa téarma deireanach go mbeadh sé foilsithe faoin mbomaite seo. Sheas sé san áit ina bhfuil sé anois an bhliain seo caite agus dúirt sé go mbeadh an Bille seo foilsithe roimh dheireadh na bliana. Níl sé foilsithe fós. Bhris an Taoiseach an geallúint sin. Iarraim air a bheith ionraic leis an bpobal agus insint dúinn cathain a bheidh an Bille seo foilsithe.
No comments