Dáil debates
Wednesday, 7 December 2016
Questions on Proposed Legislation
1:15 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Maidir le clár oibre an Rialtais agus go háirithe maidir le haidhmeanna an Rialtais ó thaobh na Gaeilge de, an féidir leis an Taoiseach ráiteas a dhéanamh ag eascairt as cinneadh údarás Ollscoil na Éireann, Gaillimh, deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bheith ag an gcéad uachtarán eile, in ainneoin gur champas dátheangach é an campas, in ainneoin gur chathair dhátheangach í cathair na Gaillimhe agus in ainneoin go bhfuil an ollscoil agus an chathair ar thairseach na Gaeltachta? Is mór an náire é, dar liom, go bhfuil an cinneadh seo déanta. An féidir leis an Taoiseach ráiteas a dhéanamh, go háirithe maidir le na dualgais atá ar an ollscoil faoi reachtaíocht éagsúla?
No comments