Dáil debates

Wednesday, 7 December 2016

Pension Equality and Fairness: Motion (Resumed) [Private Members]

 

6:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le mo chomhghleacaí, an Teachta John Brady, as ucht an tairiscint seo a chur chun cinn sa Dáil seo. De gnáth, bíonn mearbhall ar dhaoine nuair a smaoineann siad ar an ábhar seo agus ar na leasuithe, mar dhea, a rinneadh ar an bpinsean. Bíonn ceisteanna ag cuid de na cuairteoirí ormsa i m'oifig Dáilcheantair ar cibé atá le déanamh acu. Bíonn siad díchreidmheach faoin méid atá tar éis titim amach. De gnáth, síleann siad gurb ionann reform agus rud maith, ach ní mar a shíltear a bítear. Tá a fhios againn sa chás seo cad atá tar éis titim amach agus gur bhrúigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre na leasuithe uafásacha seo tríd an Dáil in 2012. Ní raibh an reachtaíocht chuí ann chun tacú leis na leasuithe seo agus anois tá gá do dhaoine atá tar éis a shaolta ar fad a chaitheamh ag obair dul ar an dól nuair a éiríonn siad as a bpostanna. Tá sé sin scannalach agus náireach.

De bharr drochpholasaí an Rialtais seo, tá gá do na seanóirí seo dul tríd limbo díreach roimh ré órga a saolta. Luafaidh mé cúpla cás mar tagann go leor daoine chugam mar gheall air seo. Tháinig toghthóir amháin - glaofaidh mé Brian air - isteach san oifig cúpla seachtain ó shin. Bhí sé ag dul as a mheabhair. Dúirt a fhostóir go raibh air éirí as a phost nuair a bhaineann sé 65 bliana d'aois amach. Ó bhí sé ina dhéagóir, chaith Brian a shaol ar fad ag obair. Bhí se ag iarraidh an tréimhse oibre a leathnú ach níor ligeadh leis. Is féidir le fostóirí aois éiginnte a bheith acu sna conarthaí fostaíochta. Sin mar atá sé leagtha amach sa dlí agus is éagóir iomlán é sin.

Tá an cás níos measa do mhná. Tháinig bean a bhí ag obair ó bhí sí 14 bliana d'aois isteach chugam cúpla seachtain ó shin. Tá 65 bliana bainte amach aici anois ach níl sí in ann an pinsean a tharraingt. Agus cén fáth? Agus an Rialtas ag oibriú amach na cearta atá ag duine, ní chuirtear san áireamh na blianta oibre atá ag duine ó bhí sé nó sí 14, 15 agus 16 bliana d'aois. Ar son mhná na hÉireann agus ar son iadsan atá 65 bliana d'aois, impím ar an Aire é seo a leasú go tapaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.