Dáil debates

Tuesday, 6 December 2016

Electoral (Amendment) (No. 3) Bill 2014: Second Stage [Private Members]

 

9:10 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Níl drogall ar bith orm mo chuid tacaíochta a thabhairt don Bhille seo. Molaim an Teachta Ó Cuív as ucht é a thabhairt os comhair na Dála. Téann an Bille simplí cruinn seo i ngleic leis an fhadhb a bhaineann leis an deighilt atá cruthaithe idir mhuintir na n-oileáin agus muintir na mórtíre. Ní raibh an deighilt sin cothrom ná cóir riamh. Tá mé sásta go bhfuilimid ar tí deireadh a chur leis. Tá sé neamhghnách, ach ba mhaith liom an Rialtas a mholadh ós rud é go bhfuil sé toilteanach gan dul i gcoinne an Bhille seo. Is dea-scéal agus is rud maith é sin. Thug focail an Aire, nuair a dúirt sé go mbeidh sé sásta glacadh leis an mBille seo má dhéantar leasuithe éagsúla, ardú meanma dom. Caithfidh mé a rá, áfach, nach bhfuil mé roshásta go dtuigeann an Rialtas i gceart cé chomh deacair is atá an saol do mhuintir oileáin na tíre seo go ginearálta. Tá sé sin soiléir ón bpraiseach atá déanta ó thaobh cúrsaí iompar poiblí go hÁrainn. I dteannta leis an mBille seo, tá gá práinneach le polasaí nua inmharthana ó thaobh mhuintir oileáin na tíre seo. Tá súil agam go bhfuil tús an phróisis nua maidir leis na hoileáin uilig ar fud na tíre i gceist anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.