Dáil debates

Tuesday, 6 December 2016

Electoral (Amendment) (No. 3) Bill 2014: Second Stage [Private Members]

 

8:50 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Molaim an Teachta Ó Cuív, ba chóir dom a rá. Nuair a bhí achan duine ag caint faoin méid is a bhí sé ag déanamh don oileán, bhíomar ag smaoineamh ar an am a bhí sé ina Aire.

Dhéarfainn le hachan duine, go háirithe iad siúd atá sa Rialtas le dornán blianta anuas, RTÉ a chur ar siúl oíche Déardaoin ag 10.15 i.n. agus amharc ar an scannán "Atlantic". B'fhéidir nach mbeidh baill an Rialtais ag déanamh an oiread sin bolscaireachta ó thaobh an méid tacaíochta a thugann an Rialtas do mhuintir na n-oileáin nuair a fheiceann siad céard atá ag tarlú ansin i gcúrsaí iascaireachta, go háirithe do mhuintir Árainn Mhór amach ó chósta Dhún na nGall, atá le feiceáil sa scannán sin. Mholfainn do dhuine ar bith atá ag éisteacht amharc ar an scannán sin atá ag dul amach ar RTÉ Déardaoin.

É sin ráite, níl dabht ar bith gur chéim chun tosaigh é seo anocht. Sular tháinig mé isteach sa Dáil inniu, bhí mé ag amharc siar ar cén uair a thosaigh mé féin ag ardú na ceiste seo. An chéad díospóireacht ina rinne mé tagairt dó ná i 2011, i ndiaidh mé a bheith tofa sa bhfothoghchán ag deireadh 2010. Bhíomar ag plé na ceiste seo leis an Aire an t-am sin. Tá a fhios agam gur chuir an Teachta Ó Cuív leasuithe síos faoi seo, fiú amháin sa Bhille deireanach, a bhí iar-Theachta Ann Phelan ag glacadh freagrachta dó mar Aire Stáit. Níorbh ansin ach anuraidh, 2015. Bhí an bheirt againn anseo ag cur na hargóinte chun tosaigh. Tá cuid mhór den mhéid atá cloiste ag an Aire Stáit ón Teachta Ó Cuív agus den mhéid atá le rá agam féin curtha chun tosaigh againn mar argóintí cheana. Bhíodh an Rialtas ag rá, "No". Is maith an rud go bhfuil athrú intinne ann anois, ach ní chóir dúinn a bheith ag rá, "Bhuel, fair play don Rialtas" toisc sin. Bheadh an Rialtas ag cailliúnt an vóta seo in aon chor, mar tá sé ciallmhar anois, bhí sé ciallmhar nuair a bhíomar á phlé anuraidh agus bhí sé ciallmhar nuair a bhí mé féin á phlé i 2011.

Mar a dúirt mé go mion is go minic sa Teach seo, sílim go bhfuil cearta bunreachtúla mhuintir na n-oileán á shárú ag an Rialtas. Ní hamháin nach bhfuil an deis acu an vóta a chaitheamh ar an lá céanna, ach de shiocair an moill a bhí ar oifigigh an Stáit an dáta a ainmniú do na hoileáin, ní raibh an deis ag cuid de mhuintir na n-oileán vóta a chaitheamh tríd an bpost. Bhí an bearna ansin de 12 lá, taobh amuigh de Dé Domhnaigh agus laethanta saoire, thart sula raibh a fhios ag muintir na n-oileán cén lá ar a raibh an vóta le caitheamh ar an oileán. Thiocfadh le duine a rá gur chóir go mbeadh a fhios acu, ach athraíonn na dátaí an t-am ar fad. Luadh é le mo chontae féin, Contae Thír Chonaill, an contae is mó atá thíos leis ina bhfuil cúig oileán nach bhfuil an ceart acu an vóta a chaitheamh ar an lá céanna: Toraigh, Inis Fraoigh, Inis Bó Finne, Gabhla agus Árainn Mór. I 2011, bhí naonúr ar chlár an vóta in Inis Fraoigh, ach bhí níos mó ná 500 duine ar Árainn Mhór. Tá cuid acu iontach beag le pobal beag ann, ach cuid acu tá pobal iontach mór ann. Tá dhá bhothán votála in Árainn Mór.

I 2011, bhí ar mhuintir Árann Mhóir vóta a chaitheamh fá choinne an toghcháin ghinearálta dhá lá roimh an toghchán féin. I mbliana i 2016, lá amháin a bhí ann. Bhí rudaí ag athrú agus ní raibh cinnteacht ar bith cén lá a bheadh ann. A rud a tharlódh ná go dtitfeadh an Dáil agus bheadh an ordú tugtha gurb é seo an lá leis an vóta a chaitheamh de ghnáth, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív. Dé hAoine a bheadh ann, mar shampla. Ní bheadh a fhios ag muintir an oileáin an mbeadh siadsan ag caitheamh a vótaí Déardaoin nó Dé Céadaoin. Má tá duine ar shiúl as baile, ag iascaireacht nó rud éigin mar sin agus ag iarraidh dul ar chlár an vótá poist, níl siad ábalta é a dhéanamh mar go gcaithfidh sé a rá go soiléir sa bhfoirm sin go bhfuil siad ag siúl as baile ar an lá atá an vóta le caitheamh. Muna bhfuil an fhios acu cén lá atá an vóta le caitheamh, ní féidir leo cur isteach ar an liosta. Is é sin an fáth a shílim go bhfuil an Rialtas ag cur in éadan cearta bunreachtúla an phobail sin.

Mar a dúirt mé, is dea-scéal é go bhfuil an Rialtas sásta aontú leis an mBille seo. Níor tháinig athrú millteanach ar an saol le bliain anuas agus níor tháinig athrú millteanach ar an saol ónar thosaigh mise ag ardú an ábhair seo i 2011. Nuair a théim isteach i bhfoirgneamh Raidió na Gaeltachta thuas sna Doirí Beaga, tá pictiúrí ar an mballa. Tá sean-phictiúir galánta de dhuine de chuid Raidió na Gaeltachta, Conall Ó Dubhthaigh, ag dul ar an mbád ar a bhealach isteach go dtí ceann de na hoileáin. Tá sé ag cur báistí agus tá canvas nó rud éigin thar an bosca vótála. Is é sin an áit gur chóir go mbeadh an cineál ruda sin fágtha - sa sean-am. Ní chóir go mbeadh muintir na n-oileán ag vótáil roimh mhuintir na mórtíre. Má amharctar ar na díospóireachtaí móra a bhí againn nuair a thoghadh ár n-Uachtarán agus an rud mór a tharla i stáisiún RTÉ nuair a dúirt iarrthóir amháin go raibh sé ag glacadh airgid ó chonraitheoirí, d'athraigh sé intinn chuid mhór daoine. Dá dtarlódh sé sin dhá lá amach as lá an vóta, bheadh an vóta fós caite mar a bhí ag go leor daoine ar an oileán.

Cuirim fáilte roimh athrú intinne an Rialtais. Tá súil agam go leanann sé ar aghaidh agus go gcuireann muid níos mó polasaithe atá dearfach ó thaobh na n-oileán i bhfeidhm. Ceann de na rudaí atá muidne i Sinn Féin ag rá le tamall fada, agus dúramar é seo roimh an toghchán, ná gur cheart go mbeadh clár cearta ag muintir na n-oileáin. Is rud iontach simplí é sin. Mar atá a fhios againn, níl na cearta céanna ag duine ina chónaí ar oileán nó a tháinig as oileán is atá ag daoine ar an mórthír. Is é seo ceann de na cearta atáimid ag cur ina cheart leis an reachtaíocht seo. Ba chóir go mbeadh caipéis ann faoi chearta mhuintir na n-oileán.

Ansin, ní bheadh orthu troid le Rialtas i ndiaidh Rialtais fá choinne cearta simplí.

Mar a dúirt mé, is dea-scéal é go bhfuil an Rialtas ag glacadh leis an mBille seo. I am sure the Minister has followed much of my contribution. It is a welcome development. I have raised it since 2011, just after getting elected. I am passionate about this. The Government and many Governments down the line were open to a High Court challenge because of the rules on registration for a postal vote. One had to do so 12 days before polling day, with Sundays and bank holidays excluded. Owing to the delay in designating polling days for many of the islands, there is a problem. It does not happen at the same time. Sometimes it takes more than a week before an island knows the designated day. Islanders could be outside the timeframe that would allow them to say they would be in Dublin working with their employer on the Thursday or Wednesday if it were to be designated as the polling day. Therefore, they cannot legally get to vote. Voting is one of the most fundamental and basic rights. Nobody has ever taken a case. Thankfully, the legislation is now dealing with this issue.

The Minister referred to the details. Deputy Ó Cuív has left in the legislation the provision that allows for the shorter days. That is sensible. We need to be practical. If anything, islanders are practical. Off the coast in my county, Donegal, there are five affected islands. Toraigh, Inis Bó Finne, Gola and Inishfree have only a four-hour window for voting, that is, between 11 a.m. and 3 p.m. Aranmore has a longer window because of the size of its population. That window is from 10.30 a.m. to 7.30 p.m. Again, voting finishes earlier than on the mainland. This would assist in getting the boxes back to the mainland but what has happened to communities for many years is an injustice and does not make any sense.

I never understood why the Government resisted attempts in this regard when we were amending legislation that went through the Houses last year and previous years. The same type of legislation as in this Bill was presented but, for some reason, the Government could not accept it. This is just a simple matter. There are enough problems in the world, our little country and people's lives without making more. This is a simple matter we should have fixed a long time ago. It will not cause any major upset. If the Air Corps cannot get the box off the island, so be it; we will just have to wait a wee bit. The islanders should have the same rights and entitlements as everybody else.

I welcome the fact that the Government has decided to support this legislation, albeit later than we would have liked. I am glad it will work to see all Stages passed. That is the right approach. If the Government had the numbers, I am not convinced it would be passing this legislation, just as it did not pass similar legislation last year.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.