Dáil debates

Thursday, 1 December 2016

Leaders' Questions

 

12:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

I will be speaking in Irish and I would like to pause for a minute to give an opportunity to anybody who does not feel comfortable in the Irish language to put on their earphones.

Maidin inniu, fágadh an t-oileán is mó daonra ar fhad an chósta gan aon sheirbhís farantóireachta. Tharla sé seo de bharr pholasaí faillíoch an Rialtais deiridh a d'fhág an t-oileán seo gan aon chonradh buan ó thaobh sheirbhísí báid. Ar ndóigh, bhí an bhagairt ann anuraidh, agus tá se tarlaithe inniu nach bhfuil seirbhís ag na hoileánaigh. Níl fágtha acu ach an tseirbhís aeir agus bhí caint ag an Rialtas deiridh deireadh a chur leis sin freisin.

Tá laincisí ag baint leis an tseirbhís aeir. Ní thógann an t-eitleán ach ocht bpaisinéir ag an am. Mar gheall ar an am den bhliain atá i gceist, ní féidir leis eitilt ach ar 8.30 a.m. agus ar 4 p.m. Mar shampla, nuair a bhíonn an bád farantóireachta ann, seolann an seoladh deiridh ar 7 p.m. le ligean do mhic léinn agus do dhaoine atá ag obair dul abhaile agus dul ar ais go dtí an t-oileán. Tá ollchostas i gceist leis an eitleán a úsáid. Do bheirt tuismitheoir agus ceathrar gasúr, cosnaíonn sé €161 d'oileánaigh dul isteach go dtí an mórthír agus amach arís. An fhadhb dheireanach, agus tuigfeadh chuile duine é inniu, ná nach féidir leis an eitleán seoladh le ceo ann agus mar atá inniu i go leor áiteanna sa tír.

Céard atá i gceist ag an Rialtas a dhéanamh, mar éigeandáil, le déanamh cinnte go mbeidh seirbhís farantóireachta ag na hoileánaigh? Cén réiteach atá déanta ag an Rialtas le seirbhísí eile a chur ar fáil? Mar shampla, an bhfuil aon shocrú déanta nó an raibh teagmháil leis an gcomhlacht le déanamh cinnte go bhféadfadh sé siúd dul chun fóirithinte ar na hoileánaigh in am an ghátair? An bhfuil i gceist socrú a dhéanamh le hAer Arann, fad is atá an fhadhb seo ann, go mbeidh na táillí €10 fillte do dhaoine fásta agus €5 do dhaoine óga - móide taisteal in aisce - ar fáil ag na hoileánaigh ar sheirbhísí Aer Arann go dtí go bhfaighfear bád malartach. Tá súil agam go mbeadh sé sin ar fáil amárach, b'fhéidir, nó an lá dar gcionn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.